29 April 2014

Joe Steve Ó Neachtain: Ó An-dána go hAos Dána!

Chuala mé inniu - mar is dual ar na saolta seo, ar Twitter ó Cormac ag a 5 - go raibh Joe Steve Ó Neachtain tofa ina bhall d'Aos Dána. Is maith atá sin tuillte aige.

Tá tóir agam le fada ar shaothair ficsean Joe Steve; agus meas agam ar a thuairimí agus ar a iarrachtaí ó aimsir Cearta Sibhialta na Gaeltachta anall feabhas a chuir ar dhán pobal na Gaeltachta, a bhfuil dán na Gaeilge, dar liom, fite fuaite leis. 

Ba phribhléid dom mar sin cúpla focal a mhalartú leis agus mé thiar ag agóid Slán le Seán.

Agus bhí mé ar bís chun an leabhar seo - cnuasach cainteanna a thug Joe Steve thar na blianta - a léamh. (Tá ar a laghad ceann de na léachta le clos ar líne, anseo - 30 nóiméad isteach)

Is don cluas a scríobh sé na cainteanna, mar a dúirt sé féin san réamhrá, agus is ina ghuth a chuala mé iad agus mé ag léamh.

Smaointe fáiscthe as taithí fhada ag obair ar son a phobal, ag léamh, ag scríobh agus ag cuir siamsaíocht ar fáil dóibh.
Tá an leabhar lán de phéarlaí gaoise, an ceann seo abair (Teaspach scríbhneoireachta, lch 100):
"Sílim go mbíonn a seacht ndícheall cúraim ar seanriadairí in amanta a bheith ag cur an tsaoil in oiriúint don aos óg ... Cén chaoi san deabhal ar féidir leo cinneadh a dhéanamh i dtaobh a gcultúir mura gcloisfidh siad é?"
Nó (lch 126)

Ba cheart go dtuigfeadh Gaeil an bhaile mhóir, mar shampla, an bóthar a théann soir chomh fada leo go dtagann sé anoir chomh fada linne freisin.
Tá na nathanna ón gcultúir le clos ag an gcluas inmheánach anseo, agus feidhm ealaíonta bainte astu chun smaointe spreagúla a chur in iúl. Rachaidh sé chun tairbhe éinne ar cás leo Gaeilge agus Gaeltacht blaiseadh de na smaointe sin. Tá sé de rún agam filleadh orthu, agus táim ag dréim leis go mbeidh Joe Steve féin ag cuir leo, amach anseo - ag Aos Dána agus in áiteanna eile.

Mar a deir sé, i dteanna a chéile is fearr sinn, agus is mithid dúinn aithne a chur ar smaointe a chéile!

(Sciob mé teideal an mhír seo ó rud a dúirt Joe Steve féin le Cormac ar ball - go raibh sé luaite seal le dream "an-dána" Cearta Sibhialta agus é anois i measc Aos Dána. Gura fada buan ann é!)

Ag Caint linn fhéin foilsithe ag Cló Iar Chonnacht.

26 April 2014

Imbolc 2014 Abaigeal Ní Ógáin: Bitheolaíocht Baile!

Íomhá Sinéad Corish
Táim ana cheanúil ar an nDánlann Eolaíochta mar sin bhí an spéis san caint a bhí Abaigeal Ní Ógáin le tabhairt. Tá oideachas eolaíochta níos tábhachtaí ná riamh, agus amhras agus piseoga ag scaipeadh faoin eolaíocht agus teicneolaíocht. Bhain caint Abaí lena taithí leis an Saotharlann Poiblí a bhí mar chuid den taispeántas Grow Your Own (ceann nár éirigh liom freastal air). San taispeántas agus sna saotharlann a bhain leis bhí deis ag an bpobal triail a bhaint as na féidearthachtaí bhaineann le bitheolaíocht baile, ag le géineolaíocht fiú - chun bia a sholáthar agus rudaí ar nós dúch.
Is réimse thar a bheith tábhachtach atá anseo, agus gá againn le tuiscint níos fearr ar na deiseanna agus na priacail a bhaineann lena leithéid - agus is gá an t-eolas sin a bheith fairsing sa phobal seachas i dtúr eabhar na hacadamh.
Agus is breá liom an modh oibre atá i gceist leis an saotharlann pobal - deis a thabhairt do dhaoine taithí a fháil ar an eolaíocht iad féin. Ag deireadh an lae, cineál eile cócaireachta atá i gceist!
Íomhá Sinéad Corish
Ach ba mhaith an rud é dá mbeadh a leithéidí níos coitianta. Is ar dhéagóirí agus daoine fásta óga is mó atá iarrachtaí na Dánlainne Eolaíochta dírithe, ach tá sé spreagúil do leanaí chomh maith. (Bheir an ghrianghrafadóir orm agus díospóireacht theasaí idir mé agus Abaí ar an gceist airithe sin - ba mhaith liomsa go mbeadh níos mó ar bun acu do leanaí agus caithfidh mé géilleadh don méid a dúirt sí maidir le leanaí a bheith ag cur an sprioc aois ghrúpa ó dhoras! Is deacair don ghobadán an dá thrá a fhreastal)
Ba spreagúil an chaint a bhí inti, agus gúim gach rath ar na hiarrachtaí aici agus ag an dánlann le tuiscint is bá don eolaíocht a scaipeadh sa phobal. Réimse atá ann ina bhfuil, feictear dom, géarchéim faoi láthair - neamhlitearthacht eolaíochta fairsing, agus bladar á scaipeadh ag potrálaithe.

24 April 2014

Ar thréig mo leithéidí muintir na sé contae?

Bhí mé i mBéal Feirste ar an Lá Dearg. B'shin, seachas turas gairid ar IKEA, an dara uair ann dom.
Agus ní raibh mé sna sé contae ach cúpla uair thairis sin, deireadh seachtaine amháin i bhfochair mo mhnaoi, agus cúpla geábh le Gaelphobal i nGoirtín.
An tseachtain roimh na hagóide bhí muid á phlé ó dheas agus duine as Béal Feirste inár gcomhluadar. Duine a thuig go maith, ainneoin na sluaite a tháinig aduaidh go Baile Átha Cliath, nach mbeadh an oiread ag teacht aneas chuig agóid s'acu. (Níor tháinig an tuar faoin tairngire sin go hiomlán, bhí slua bhreá ann agus Duibhlinnigh agus fiú toscaireacht ó Chroca Dhuibhne ina measc)
Mar sin féin, is deacair a shéanadh gur tír aineoil - coimhthíoch fiú - na sé contae domsa; agus nár bhraith mé go hiomlán ar mo chompord ann riamh.
Baineann cuid mhaith de sin leis na híomhánna a chonaic mé ag fás aníos agus a mhúnlaigh mo dhearcadh. Thrasnaigh muid na sé contae uair nó dhó ar ár slí mar theaghlach go Dhún na nGall; ní cuimhin liom aon taithí teorainn mar é ach nuair a bhí an Cuirtín Iarainn á thrasnú againn roimh 1989. Daingin cruach, saighdiúirí armtha go trom agus amhras ina súile.
Cuid eile den doicheall - i mBéal Feirste ach go háirithe - baineann sé leis an mbuailim sciath féiniúlachta ann, bratacha, múr-phictiúir, manaí.  Tá, ní mór dom a admháil, gné aicmeach ag baint leis sin. Bíonn doicheall sna putóga ag mo leithéidí ón íseal meán aicme roimh ceantair lucht oibre, bíodh is nach bhfuil, i bhfocail George Orwell, le cailleadh agam ach mo "h"-anna.
Is deacair na mothúcháin neamh-chomhfhiosacha sin a dhíbirt. Agus formhór an ama, sna meáin ó dheas, is mar fhadhb ar gá í a leigheas a fhéachtar ar phobail na sé contae, seachas mar cuid dínn fhéin.
Go dtí le fíor ghairid freisin bhí détente sách compordach - ró chompordach is dócha - idir Ghaeilgeoirí ó dheas agus an Stáit. Rud nach raibh riamh ó thuaidh, rud a d'fhág pobal na Gaeilge ó thuaidh crua, misniúil, mórtasach, glórach fiú. Tréithe a chuireann amhras, scaoill scaití, ar mo leithéide de phetit bourgeouis.

Is dócha, mar sin, gur fíor go pointe an maíomh nach bhfuil mo leithéide ag léiriú an dlúthpháirtíocht is gá le pobal na Gaeilge sna sé contae. Rud is mithid dom a athrú. San sáinn ina bhfuil muid anois is mithid pobal na Gaeltachta, pobal Gaeilge na Sé Contae agus nua chainteoirí sna fiche sé contae a thabhairt le céile. Ní ag déanamh neamhaird ar na difríochtaí, ach ag cur na buanna agus tréithe atá againn ar fad le chéile d'fhonn an teanga a bhfuil muid ar fad doirte di a chur chun cinn.

Agus sin mo racht go n-uige seo.