Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-09-27

Béarlagair grá tuismitheora.

Tá alt meabhrach ag Siún Ní Dhuinn ina sraith ar Seachtain na seachtaine. Tá sise agus a páirtí ag tús aistir a bhfuil ceann scríbe sroichte faoi seo agamsa. Tá deireadh an ál s'againne i bhfochair cúpla seachtaine de ocht mbliana déag a shlánú. Ní raibh aon cheist ann domsa ach oiread gur Gaeilge labhródh mé le mo chlann. Ainneoin gur i mBeirlín a saolaíodh an dís is sine, agus gan an t-idirlíon guna iliomad áiseanna ach ina thús.

Maith go leor, tógadh le Gaeilge mise murab ionann agus Siún. Ach ní le Gaeilge a tógadh mo mháthair, cé gurbh oidí scoile a tuismitheoirí agus í féin ó thaobh oiliúna de, agus Gaeilge acu. 

Ach maidir le teanga an ghrá, léiriú ceana agus muirniú, is dóigh liom féin go gcumann gach teaghlach a mbéarlagair féin, ag tarraingt as rannta, leabhair agus meáin eile. 

Ba nós liom féin leanbh gortaithe a bhréagadh leis an rann 

Ruairí Rón 
Bhris sé a shrón 
Óga córa 
Deora móra

Nath a bhíodh ag m'athair agus agam féin do screadadh buile tachráin

Muc á mharú 
Muc á mharú 
Bagún don dinnéar amárach! 

Ar ndóigh tí s'againne bhí Gearmáinis freisin agus meascán den dá theanga agus an dá saíocht nádúrtha go maith i mbéarlagair an teaghlaigh. 

Ní dóigh liom, dá réir, gur gá do lánúin ar bith bheith ró bhuartha faoi leaganacha cruinn ceart dá leithéid. Aimseoidh na mothúcháin an friotal cuí iad féin! 

Guím gach rath ar Shiún agus Cathal agus Fódhla ar a n-aistir. Beidh a conair féin le haimsiú acu, ach is fiú an tairbhe an trioblóid agus ag deireadh an lae, tá formhór leanaí na cruinne ilteangach. Agus is nua sin.