Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-03-02

Cáil an bheirt?

Étáin, a leanbh & Máire
Aréir bhí mé féin agus mo chomhbhlagadóir Áine i gClub an tSiúcra chun éisteacht le dís Ráth Chairn Étáin agus Máire Ní Churraoin, i. An Chéad Ghlúin eile. Tá siad feicthe agam áiteanna eile cheana, Féile na Fuaime i gCOBÁC le déanaí, agus gan amhras ar Bhláth na hÓige TG4.
 
Ach b'é seo an chéad uair go bhfaca mé iad i mbun gig dá gcuid féin. Mar is iondúil bhí Máire lán fuinnimh agus spleodair (dá bhféadfaí an fhuinnimh sin a chuir i mbuidéal bheadh an géarchéim aeráide furasta a leigheas!). Tá caidreamh ana dheas ag an mbeirt ar an stáitse, magadh séimh ar a chéile agus orthu féin. 
 
Bhí an seó díolta amach, agus iontas na n-iontas, ar éigin gur aithin mé éinne - ní raibh na gnáth hamhrasáin a bhíonn ag ócáidí Ghaeilge BhÁC ann in aon chor. Is léir go bhfuil pobal dá gcuid féin cruthaithe agus cothaithe acu.
 
Amhráin ar an sean nós a chleachtann siad, corr cheann nua aistrithe, agus cinn as Béarla freisin - caithfear a leagan den bhailéid The Two sisters maille geaitsí Mháire a fheiceáil. 
 
Rud eile suntasach - is caitlicigh cráifeacha nádúrtha neamhleithscéalach iad. And rud is fíor annamh is fíor iontach.
 
Bhí tionlacan acu ó Nathan Carter, bodhránaí nár thug mé a ainm liom agus an sár chruitire Jennifer Leahy.
 
Go dté siad ó neart go neart! 

Bhí orm féin éalú chun bus a fháil mar sin ní raibh deis agam an CD nua Cáil an bheirt a cheannach. Ach ní fada uain Aoine Bhandcamp, agus ar aon nós níl píosa eile plaisteach de dhíth orm!