Dé Céadaoin na seachtaine seo caite rinne mé mo bhealach go dtí Leabharlann Rath Maoinis áit ar seoladh Móreagrán Comhar ar litríocht na nÓg. Bhí agallamh phoiblí spéisiúil ann, Deirdre Ní Fhloinn ag cuir ceisteanna ar Lydia Uí Ruairc, aoi eagarthóir an eagráin, agus ar an eagarthóir liteartha Tristan Rosenstock, a bhfuil cúpla leabhar do dhaoine óga scríofa aige féin.
Bhí an t-iris romham nuair a tháinig mé abhaile.
San agallamh agus sna haltanna tuairimíochta san iris bhí an dóchas chun cinn, muid dar leo i ré órga do litríocht na nÓg, fairsinge leabhair idir bunleabhar agus aistriúcháin ar fáil. Borradh faoi na pictiúirleabhar. (Bhí Tarsila Krüse i láthair, agus tá alt spéisiúil léi san iris). Earnáil atá cuiditheach comhoibrítheach. Agus leabhair Ghaeilge ag fáil aitheantas idirnáisiúnta ag léithéidí Féile Bologna.
Is mór is fiú an iris a léamh!