03 December 2005

Ceathairníní arís.

Bhí beirt Iodálach linn ar obair an tseachtain seo chaite. Tá Officine Galileo i bhFirenze freagrach as an Réalt leantóir sa togra ar a bhfuilim ag obair faoi láthair.
Tá ceathairníní lárnach dá gcuid oibre siúd (agus do mo chuidse oibre freisin).

Thug a suim siúd deis dúinn cuairt a thabhairt ar dhroichead Bhroom, nó droichead Hamilton ó cheart.

Ceatharníní an leigheas a fuair Hamilton ar an fhadhb conas tréanna a mheadú. Is féidir dearcadh orthu mar veicteoir le trí luach agus luach amháin scálach
q = xi + yj + zk + s
i2 = j2 = k2 = ijk = -1


Tháinig a smaoineamh chuige agus é ag siúl lena bhean fán canáil.

Baintear feidhm astu i rialú treosuíomh sna spásarthaigh - chun cuir síos are an casadh is gá chun fráma tagairte an arthaigh a chuir ar fráma tagairte támhúil.

Tá roinnt eolais anseo. Tá sé i gceist agam leagan a chuir anseo amach anseo.

Lipéid:

3 comments:

Séamas Poncán said...

Níor chuala mé an téarma sin Ceathairnín riamh roimhe seo. Má scríobhfaidh tú aon rud faoi, ní mór duit tosnú ar chéim i bhad níos ísle, domsa ar aon nós! Ach tá suim agam.

Conn said...

An-shuimiúil a Aonghuis! Tá sean-chealla intinne matamaitice dá múscailt! :-) OK - ceathairníní, tá an míniú sna nascanna atá tugtha agat, ach "tréanna"? Cad í an fheidhm innealtoireachta atá ag ceathairníní?

Dála an scéil, cad é do mheas ar an gceist a chuireas i dtaobh Newton agus Leibniz? An léir duitse go bhfuil innealtóirí sa réimse oibre atá agat ag baint úsáid as an mblagadóireacht nó an bhfuil gach aon rud faoi rún?

aonghus said...

tréanna = triplets

Tá an feidhm innealtóireachta le teacht níos faide anonn, nuar a bhíonn an t-am agam!

Maidir leis an gceist úd, tá innealtóirí bogearraí ach go hairithe ag baint feidhm as Wikianna - ba chuige sin a bunaíodh an céad Wiki ag c2.com, agus rinneadh forbairt ar XP tríd.

Agus ná dearmad gur chun críche an malartú eolais a cruathaíodh HTML an céad lá riamh.