29 August 2007

Cad is Éireannach ann?

Bunreacht na hÉireann
Airteagal 9 1 2° Is de réir dlí a chinnfear fáil agus cailleadh náisiúntacht agus saoránacht Éireann feasta.
Airteagal 9: 3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.
Airteagal 40
1. Áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.
Airteagal 44 2
3° Ní cead don Stát neach a chur faoi mhíchumas ar bith ná aon idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar chreideamh nó admháil chreidimh nó céim i gcúrsaí creidimh.


Ceist eile is ea féiniúlacht. Ach ceist don duine féin é.

Tugtar Éireannaigh Nua ar na heachtrannaigh atá tagtha go dtí an tír seo le tamall. Meas tú an mó duine acu a ghlacann leis an lipéid? Nó an mbeadh an dearcadh céanna acu agus a bhí ag Eoin Ó Murchú:
Tógaimis sampla: mar a dúirt mé rugadh is tógadh mé féin i Sasana – de bhunadh Éireannaigh an Ghorta is gan blas ar bith de fhuil neamhÉireannach ionam (má tá a leithéid d'fhuil ann). Tá a fhios agam cén freagra borb a thabharfainnse ar éinne a thabharfadh “Sasanach Nua” ormsa.
Bhí mise deich bliana sa Ghearmáin. Bhí Gearmáinis líofa agam, agus réitigh mé go breá leis an muintir ann. D'fheadfá a rá go raibh mé comhshamhlaithe. Ach níor cheap mé riamh gur Gearmánach mé, nua ná sean. Éireannach ab ea mise. Agus mé mortasach as.

Dlitear meas ar dlí na hÉirinn ó áitritheoirí. Dlitear meas ar fhéiniúlacht an duine aonair ón Stát.

1 comment:

Mise Fhéin said...

Níl ann ach téarma cruthaithe ag na meáin Béarla agus diúlta suas ag na meáin Gaeilge (ar eagla go mbeadh meon difriúil orthu).
Cruthaíodh é chun cuma dheas a chur ar an oll-allmhairiú eachtrannach ag lucht gnóithe na tíre seo is rialtas na heite deise agus an gá s'acusan le
lucht oibre saor agus ar fáil gan stró.