11 August 2008

Ag iompú moslamaigh - le cabhair ón Córán!

Scéal spéisiúil ó Kath.net:

Sagart Coptach, Zakaria Botros, a bhfuil eolas domhain aige ar an traidisiún Ioslamach - an Córan, an hadith (ráite an Fáidh) agus an Ulema (ráite na scoláirí).

Tá clár teilifíse Araibise aige ina ndéanann sé ceisteanna a chíoradh, mar shampla ról na mBan son Ioslam. Is cosúil go bhfuil roinnt mhaith daoine iompaithe ina gCríostaithe de bharr a shaineolas agus a theagasc.

Is "Namhad uimhir 1" an Ioslam é, de réir an nuachtáin al-Insan al-Jadid

6 comments:

Fearn said...

„Staatsfeind Nummer 1 des Islam“?

An bhfuil Seorse Buis curtha as a áit ag an Sagart Seacaria Peadar?

aonghus said...

Nach cara don Ioslam polaitiúl é an Scéichín?

An Sairsint Earcaíochta ab fhearr ariamh acu, ó bhí Feardorcha an Fheasóig Rua i mbarr a réime.

Ceist eile ar fad sagairtín ag cloí an Ioslam le léann an Ioslaim.

An Cainteoir Dóchais said...

An chéad rud eile a fheicfidh tú ná aindiachaí éigin, agus saineolas aige ar an reiligiún, ag mealladh daoine ón reiligiún ar fad. Ceacht le foghlaim anseo do Richard Dawkins!

Fearn said...

Ach i ndáiríre, is maith an rud gach creideamh faoi cheist, go háirithe óna a "ba sacrálta" fhéin.
Tar éis an tsaoil, is ding di fhéin a scoilteann an leamhan!

Ach go poilitiúil, tá teannas san Éigipt sa lá inniu idir Moslaimigh is Coptaigh. Tá súil agam anch bhfuil Sacarias a bhroideadh!

aonghus said...

"is maith an rud gach creideamh faoi cheist, go háirithe óna a "ba sacrálta" fhéin"

Is maith. Cabhraíonn sciúiradh le foirfiú!

'Sé an rud ná go mbíonn Dawkins et al ag tabhairt faoi scigléiriú den gcreideamh.

Meallann sé daoine ar an imleal chuig a chreideamh fhéin, ach is beag difir a níonn sé don té a thuigeann a chreideamh.


Bhí teannas riamh san Meán oirthear idir Críostaithe agus Moslamaigh - ó ghabh Mohammed Mecca.

An "Coptach lie down" atá á mholadh agat?

Feictear dom go bhfuil rud fonta ar bun aige: a plé an Ioslam go hionraic agus le meas.

Fearn said...

Sea! Is beag orm Dá Chions. Fáidh nach fáidh é; ach bíonn daoine somheallta riamh ann, sin an saol.

Bhí teannas rimh ar fud an domhair idri daoine a bhfuil dhá smaoineamh ar leith acu: ach teannas polaitiúl a bhí mé chuige san Éigipt: bochtanas agus éad agus ardú an bhidh.
Ní mholfainn d'oideas.

Mar a scríobh mé, is maith gach rud a cheistú!