20 October 2009

Gaeilge agus féiniúlacht

alt maith ag Aonghus Dwane san Irish Times inniu:

Na nithe is suntasaí atá le baint as scéal Gordon ná nach raibh timpeallacht fheiliúnach ann le blianta fada chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh i measc phobal Phrotastúnach nó aontachtach (agus ní hionann an dá rud) na sé chontae ar bhealaí a d’fhreagair dá n-ionannas áite, dúchas agus cúlra creidimh agus nach raibh spásanna dóibh chun an teanga a shealbhú, dá mbeadh suim acu inti.
Ní mór a aithint go bhfuil cúinsí staire ag baint le seo. Rinne Gluaiseacht na Poblachta seilbh a ghlacadh ar Chonradh na Gaeilge, agus d'fhág Aontachtaithe an eagraíocht.

Agus ar theacht ann don stáit abhus, bhí an gné ar a dtugann Cailliomachas má-nuadachas i gceist freisin.(Féach Feasta na míosa seo) Leagan chúng den Chaitliceachas Rómhánach mar bhosca don Éireannachas, agus an Ghaeilge mar ornáid seachas mar gné lárnach. Ach í ina dhris chosáin dóibh siúd nach raibh sí acu.

Tá fhios agam go bhfuil daoine ann a bhfuil an Ghaeilge lárnach dá bhféiniúlacht náisiúnaíoch Éireannach. Agus glacaim leis gur seasamh bhailí atá ansin.

Ach is rud níos casta ná sin cultúr agus féiniúlacht dar liom, agus ní bhaineann an Ghaeilge le creideamh amháin, ná dearcadh polaitíochta amháin.

Is maith mar sin go bhfuil grúpa laistigh d'Eaglais na hÉireann a chuir chun cinn bealaí nua:

Chuir an toscaireacht cáipéis faoi bhráid na bpolaiteoirí, ag cur ina luí orthu a gcreideamh go bhféadfadh suim sa Ghaeilge bheith ag teacht le Protastúnachas agus/nó le dearcadh polaitiúil aontachtach, agus go bhféadfadh ceangail le Gàidhlig na hAlban, Gaeilge Oileán Mhanann, an Bhreatnais agus an Choirnis bheith mar bhealaí le naisc a chruthú leis na réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe/ar na hoileáin.
Ach caithfear na baic roimh aontachtaithe - agus go deimhin aoinne - ar mian leo an Ghaeilge a shealbhú a scoir. Agus ní laistigh dá bpobail féin amháin atá na baic seo.

Seachnaímis pacáistiú féiniúlacht! Aithnímis go bhfuil féiniúlacht an duine ilghnéitheacht, agus nach bhfuil aon ghné faoi leith faoi réir ag aon ghné eile.



Aguisín: In alt Ghabriel Rosentstock inniu tugann sé píosa ó fhile a scríobhann as Gearmáinís, ach nach Gearmánach í:

Tá teanga ar nós an ghrá, ar sí. Ní le héinne í. Tá sí saor, faoi mar atá an grá saor. Tá sí saor agus mór, ar nós an aigéin a gcothaíonn craobh-aibhneacha é agus nach mbeadh ann in aon chor murach iad.

8 comments:

Fearn said...

Aguisín Ghabriel :

Nach iomaí cruth a chuireann an Ghearmáinis di? Fear mór na Gearmáinise : Friedrick Schiller, bhí a bhean ina bean choimhdeachta ag cinsealach éigin ach ní raibh an slacht cheart ar a cuid Fraincise. Fraincis a bhí suas i measc cinseal na Gearmáine ag an am. Bhí uirthi dul go dtí na hÉilbhéise le barr feabhais a chur ar an bhFraincis aici le go gcoinnífadh sí a post.

Cailliomachas said...

Seachnaímis pacáistiú féiniúlacht! Curtha go han-mhaith agat.

Mise Áine said...

Dhá alt shuimiúla an dá alt sin a luaigh tú, a Aonghuis. Go raibh maith agat.

Aontaím leis an bhfile in alt Ghabriel, Marica Bodrozic - ní le haon duine an teanga.

Tá an Ghaeilge ceangailte fós, faraor, le polaitíocht na tíre. Is amhlaidh is fearr a bheas sí nuair a scaoilfear saor í.

Beidh ar bhféiniúlacht faoi bhláth ansin, b'fhéidir...:-)

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Is deacair an ré atá ann sa lá inniu a chur in gcomparáid leis na réanna atá thart.

Sa lá inniu is tábhachtaí, dar liomsa, an spéis sa teanga mar theanga agus an draíocht faoinar gcuireann an teanga an duine le gníomhaíocht taitneamhach dúthrachtach leanúnach an duine a spreagadh agus a chothú.

Agus nach í an aithris an moladh is mó dar féidir a thabhairt don teanga?

Cumann Gaelach na hEaglaise said...

Mar eolas, a Aonghuis, tá blag nua cruthaithe anois ag Cumann Gaelach na hEaglaise, www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com, agus crochfar eolas ann go leanúnach ar imeachtaí Gaeilge Eaglais na hÉireann.

Beir bua.

aonghus said...

Is maith sin. An bhfuil an méid a chuir sibh faoi bhráid na bpolaiteoirí le bheith ann? B'fhiú é, sílim.

cumann Gaelach na hEaglaise said...

Tá sin curtha suas anois, a Aonghuis- tá an scéal le fáil faoi bhun an chéad ailt. Beir bua.