07 June 2010

Teampall troscáin

Le tamaill anuas (ó críochnaíodh athnuachan an an M50 le bheith cruinn) tá siopa de chuid IKEA i mBaile Munna. Bhí siopa i mBéal Feirste roimhe seo. Nuair a bhí cónaí orm in árasán, tar éis an choláiste, bhí IKEA an ghar dom, agus is as a fuair mé mo chuid fearas tí. (Ní raibh troscán de dhíth!)
Coincheap ana shimplí, ach éifeachtach, atá acu. Prionsabail Henry Ford tugtha chun foirfeachta acu: nuair atá siopa amháin dá chuid feicthe agat, tuigfidh tú na siopaí ar fad. Bhíos buíoch inniu, agus muid ag tabhairt cuairt air, go bhfuil ionad spraoi Småland ann - áit a d'fhág muid m'iníon ar feadh an trí ceathrú uaire atá ceadaithe. D'fhág sin deis againne a raibh uainn a lorg sna seomraí taispeántais. (Bheadh níos mó ama go deas - tá an t-uafás ann, ach ní raibh an oiread sin uainn an uair seo. Murach sin, gach seans go mbeadh muid fós sa cathair grifín úd). Mar sin a bhíonn mórán chuile siopa de chuid IKEA. Seoltar isteach ar bharr tú - isteach i seomra taispeántais ollmhór, mar a bhfuil na hearraí curtha go healaíonta i láthair i sraith de samhail seomraí. Casann an cosán isteach is amach tríd na taispeántais seo. Ansin ag deireadh bíonn bialann; agus síos staighre amháin chuig ollmhargadh d'earraí ar féidir iad a bhreith leat go héasca. Ansin, bíonn halla ollmhór leis na leacphacaí - agus mura bhfuil nóta cúramach déanta agat den rae agus bá atá de dhíth ort, go bhfóire Dia - nó ball foirne éigin - ort. Ansin, sraith mór airgeadóirí. Díreach nuair a shíleann tú go bhfuil tú éalaithe ó na cathaithe, tá margadh bia Sualannach.


Bhlaiseamar den bia Sualannach sa bhialann - atá dochreidte saor i comhthéacs Éireann an tSailleadh. Agus sin ar aghaidh linn go dtí an oll-stóras lán de leacphacaí chun na hearraí roghnaithe a aimsiú.

D'éirigh linn - ar éigin - iad a chuir isteach sa charr; Ní raibh fágtha anois ach an chuid is measa - na diabhail rudaí a chuir le chéile. D'éalaigh mé uaidh sin don chuid is mó - is maith le mo bhean méid airithe de a dhéanamh; agus chuir sí duine des na leaids ag obair léi.

Tríd is tríd, is maith liom córas IKEA; tá an dearadh go maith, tá na hearraí saor de bharr a éifeachtaí is atá an comhlucht, ag cuir an prionsabal "Aon rud is féidir leis an custaiméir a dhéanamh, déanadh sé é" i gcrích. Tá fógraí sa bhialann ag míniú an prionsabail seo, ag éileamh go gcuirfeá do ghréithre chun siúl ar mhaithe le costais a bheith íseal. Ach is áit baolach é do dhaoine gan féinsmacht láidir: agus is eagal liom, ón méid taitneamh a bhain sí as, go bhfuil an géin caiteachas faighte mar oidhreacht uainn ag m'iníon!

Íomhánna ó Wikimedia.

4 comments:

Dennis King said...

Maidir le "sailleadh", chuala mé an scéilín seo tríocha bliain ó i Steòrnabhagh faoi thurasóir a chuaigh isteach i siopa leis an mbréidín clúiteach Harris tweed a cheannach. Shíl an siopadóir gur Meiriceánach a bhí ann agus dúirt leis an gcúntóir “Saill e!” Chaith an turasóir tamall fada ag breathnú ar an éadach. Thogh sé rolla, chuala sé an praghas, chuir sé straois air féin agus dúirt “Saillte gu dearbh!” Agus amach as an siopa leis! Meiriceánach a bhí ann a rugadh agus a tógadh ar an oileán.

Maidir le "troscán”, an trosc beag atá ann?

Seán said...

Á, IKEA. Tá ceann acu anseo fosta. Is mór é an spraoi. In áit bia Sualannaigh is breá linn ól lingonberry punch, agus ithe brioscán (www.lantchips.com). Maidir le féinsmacht láidir, tá an ceart agatsa ― fuair muid leath an tí ó IKEA!

aonghus said...

@Dennis

Sin ceann maith. Is fiú blagmhír dá chuid féin é.

Maidir le troscán, an bhfuil tú ag sanasaíocht a là Cormac orm?

Mise Áine said...

Creid é nó ná creid, a Aonghuis, ní fhaca mé a dhath ann a d'fheilfeadh do mo theach nua! Cheannaigh mé formhór mo throscán go háitiúil, in Inis Eoghain.

Mar sin féin, chaith mé beagnach lá iomlán in IKEA, nuair a d'oscail sé i mBeal Feirste ar dtús. Tá siad iontach eagraithe, gan dabht, agus bhí an bia go deas ann, más buan mo chuimhne.