Tá na nuachtáin lán inniu de scéalta faoi leanbh a d'éalaigh ar éigin ón mbás. Lia gan taithí, inneall scanadh ultrafhuaime mí-oiriúnach, agus fáthmheas lochtach cailleadh gine dá bharr. Murach go raibh an máthair muiníneach as a corp, a bhí ag rá léi go raibh a leanbh fós beo, bheadh an leanbh básaithe de bharr an cóir leighis a bhí le cur uirthi dá bharr - druga ginmhillteach agus dul faoi scian.
An rud is measa faoin scéal ná moill Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag gníomhú, fiú agus an fadhb aitheanta acu. Sé mhí a thóg sé orthu inneall caoi a chuir ar fáil. Agus fós níl saineolaí ultrafhuaime san ospidéal.
Téann mo chroí amach chuig aon mháthair (agus athair) a bhfuil amhras orthu féin dá bharr seo.
Chaill muid féin beirt sa bhroinn, agus is maith is cuimhin liom an rabharta mothúcháin - cumha, fearg, an mothú go raibh muid ciontach i bhfaillí éigin arbh cúis leis an bás é. Ach is cásanna measartha soiléir ab ea iad, le airíonna eile, sa chaoi is nach raibh sa scanadh ach deimhniú go raibh an tubaiste tarlaithe.
Tarlaíonn botúin, agus níl saoi (ná lia) gan locht. Ach ní ceart breith báis a thabhairt bunaithe ar fáthmheas amháin. Sin leigheas anabaí.
Agus maidir leis an arracht maorlathais láraithe sin, an FSS: a luaithe is a déantar athnuachan ó bhun air is ea is fearr, ag fáil réidh leis an gcliar áireamh pónairí agus mion-bainistíochta, agus ag tabhairt údarás agus freagracht do na daoine ar an líne tosaigh.
Ceist bás agus beatha atá ann.