Ceann de na rudaí a chronaím ó mo thréimhse sa Ghearmáin ná buillin beaga úra don bricfeasta. Is fíor go bhfuil rudaí feabhsaithe agus earraí Cuisine de France ar fáil go fairsing. Tá siad ar fáil freisin le tabhairt abhaile chun iad a chríochnú san oigheann baile, an úsáideach don Domhnach. Ach is arán geal ar fad atá i gceist, nó anois is arís arán cineál donn. Ach anois tá Lidl ag cur bácúis lena gcuid siopaí, agus réimse leathan arán - arán seagal ina measc - ar fáil. Blasta!
Posts mit dem Label siopadóireacht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label siopadóireacht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2011-06-04
2010-06-07
Teampall troscáin
Le tamaill anuas (ó críochnaíodh athnuachan an an M50 le bheith cruinn) tá siopa de chuid IKEA i mBaile Munna. Bhí siopa i mBéal Feirste roimhe seo. Nuair a bhí cónaí orm in árasán, tar éis an choláiste, bhí IKEA an ghar dom, agus is as a fuair mé mo chuid fearas tí. (Ní raibh troscán de dhíth!)Coincheap ana shimplí, ach éifeachtach, atá acu. Prionsabail Henry Ford tugtha chun foirfeachta acu: nuair atá siopa amháin dá chuid feicthe agat, tuigfidh tú na siopaí ar fad. Bhíos buíoch inniu, agus muid ag tabhairt cuairt air, go bhfuil ionad spraoi Småland ann - áit a d'fhág muid m'iníon ar feadh an trí ceathrú uaire atá ceadaithe. D'fhág sin deis againne a raibh uainn a lorg sna seomraí taispeántais. (Bheadh níos mó ama go deas - tá an t-uafás ann, ach ní raibh an oiread sin uainn an uair seo. Murach sin, gach seans go mbeadh muid fós sa cathair grifín úd). Mar sin a bhíonn mórán chuile siopa de chuid IKEA. Seoltar isteach ar bharr tú - isteach i seomra taispeántais ollmhór, mar a bhfuil na hearraí curtha go healaíonta i láthair i sraith de samhail seomraí. Casann an cosán isteach is amach tríd na taispeántais seo. Ansin ag deireadh bíonn bialann; agus síos staighre amháin chuig ollmhargadh d'earraí ar féidir iad a bhreith leat go héasca. Ansin, bíonn halla ollmhór leis na leacphacaí - agus mura bhfuil nóta cúramach déanta agat den rae agus bá atá de dhíth ort, go bhfóire Dia - nó ball foirne éigin - ort. Ansin, sraith mór airgeadóirí. Díreach nuair a shíleann tú go bhfuil tú éalaithe ó na cathaithe, tá margadh bia Sualannach.

Bhlaiseamar den bia Sualannach sa bhialann - atá dochreidte saor i comhthéacs Éireann an tSailleadh. Agus sin ar aghaidh linn go dtí an oll-stóras lán de leacphacaí chun na hearraí roghnaithe a aimsiú.
D'éirigh linn - ar éigin - iad a chuir isteach sa charr; Ní raibh fágtha anois ach an chuid is measa - na diabhail rudaí a chuir le chéile. D'éalaigh mé uaidh sin don chuid is mó - is maith le mo bhean méid airithe de a dhéanamh; agus chuir sí duine des na leaids ag obair léi.
Tríd is tríd, is maith liom córas IKEA; tá an dearadh go maith, tá na hearraí saor de bharr a éifeachtaí is atá an comhlucht, ag cuir an prionsabal "Aon rud is féidir leis an custaiméir a dhéanamh, déanadh sé é" i gcrích. Tá fógraí sa bhialann ag míniú an prionsabail seo, ag éileamh go gcuirfeá do ghréithre chun siúl ar mhaithe le costais a bheith íseal. Ach is áit baolach é do dhaoine gan féinsmacht láidir: agus is eagal liom, ón méid taitneamh a bhain sí as, go bhfuil an géin caiteachas faighte mar oidhreacht uainn ag m'iníon!
Íomhánna ó Wikimedia.
Clibeanna
bia,
gaeilge,
siopadóireacht
Abonnieren
Posts (Atom)