Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-01-30

Vóta do gach saoránach?

Anois agus muid ar tairseach olltoghchán, tá ceist an vóta do Éireannaigh thar lear ina ábhar plé.
Airteagal 16 2° (i) Gach uile shaoránach, agus (ii) cibé daoine eile sa Stát a cinnfear le dlí, cibé acu fir nó mná, ag a bhfuil ocht mbliana déag slán agus ná cuirtear faoi dhícháilíocht le dlí, agus a chomhlíonann coinníollacha an dlí i dtaobh toghcháin comhaltaí do Dháil Éireann, tá ceart vótála acu i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.
Maíonn an dream atá i bhfabhar an vóta do imircigh go bhfuil an bunreacht ar a dtaobh. Ceist chigilteach atá ann de bhrí go bhfuil suas le trí milliúin saoránach Éireannach thar lear - rud a fhágadh leath den toghlach, geall leis, lasmuigh den dlínse.

Ní mór cuimhneamh go bhfuil dualgais chomh maith le cearta ag saoránaigh:
Airteagal 9 3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.
Is cuid den idirphlé ar an gceist seo an mana "Muna íocann siad cáin anseo, tuige a mbeadh vóta anseo acu?"; nó i bhfriotail eile, "tuige a mbeadh daoine nach bhfuil ag íoc cáin dteideal cinneadh a dhéanamh conas a chaitear an cháin is gá domsa íoc?"

Chaith mé féin leath-scóir bliain ar imirce, agus an uair sin bhí mé den tuairim nach mbeadh sé cóir go mbeadh vóta agam i dtoghcháin in Éireann, toisc gur beag tionchar a bheadh ag an Rialtas ann orm. Táim ar mhalairt tuairime anois.

Feictear dom go bhfuiltear ag baint feidhm comhfhiosach as an imirce mar chomhla sceite chun an brú san tír i leith athnuachan a laghdú. Ní chun leasa na tíre sin.

Mar sin, táim i bhfabhar leasú ar an pointe seo. Is é mo thuairim féin go mba cheart do dhuine a tá thar lear bheith i dteideal vóta poist in san ceantar toghcháin is déanaí a raibh sé nó sí cláraithe. Bheadh gá le socruithe ar leith, gan amhras, do na saoránaigh siúd nár chónaigh sa dlínse riamh - go hairithe muintir na sé contae.

Ní fhios agam go baileach conas a b'fhéidir nasc le hÉireann a chruthú; ach táim den tuairim go mbeadh duine a bheadh vóta faoi na coinníollacha sin á fheidhmiú aige nó aici ag glacadh páirt in imeachtaí a gceantair dúchais.

Dála an scéil, ní dhéanfainn talamh slán de gur chun sochair don eite chlé a rachadh an socrú - feictear dom go bhfuil mórchuid den dream a chuaigh thar lear fós fréamhaithe san aisling buirgéiseach, agus gur mar sin a gcaitheadh siad a gcuid vótaí!