05 January 2014

Réabann grá reo!

Fainic - sceitear rúin san léirmheas/achoimre seo ar Frozen!

Mar athair iníon óig, feicim cuid mhaith scannáin as cearta Disney, agus i bhfad barraíocht dá gcuid marsantacht. Agus nílim pioc ceanúil ar an íomhá de bhanphrionsaí a theilgeann siad. Ba chéim chun tosaigh Meriva i Brave, ainneoin gur thóg lucht Disney cúpla céim siar ina gcuid marsantachta, scéal a tharraing achrann. 
Scéal sách dorcha is ea Banríon na Sneachta mar a reic Hans Christian Andersen é, ach scéal freisin faoi cumhacht slánaithe an ghrá - ina scéal siúd, grá idir beirt chara óg.
Is beag lorg seachas an móitíf seo atá in athinsint Disney ar an scéal. Agus san scéal seo is beirt deirfiúr a léiríonn an ghrá dá chéile. Ar ndóigh, is banphrionsaí iad.
Tá cumhacht diamhair ag an duine is sine, is féidir léi sneachta agus oighir a chruthú lena lámha. Baineann an bheirt acu an spóirt as seo agus iad óg, go dtí an lá dorcha a tharlaíonn tionóisc dá bharr agus reonn Elsa inchinn a deirfiúr. Tá ar chumas rí na dTroll Anna a leigheas, ach tugann sé fainic go bhfásfaidh cumhachtaí Elsa, agus nach mór di bheith airdeallach. Deir sé léi, agus lena muintir, go mbeadh eagla agus fearg baolach di. De bharr an leigheas, is beag cuimhne atá ag Anna - seachas go raibh lúcháir aici lena deirfiúr. Ní thuigeann sí mar sin cad chuige a dhúnann sise í féin laistiar de dhoirse, í ag iarraidh a cumhachtaí a choinneáil faoi smacht agus ina rún.
Tagann cor eile i gcinniúint na gcailíní nuair a báitear a dtuismitheoirí ar thuras thar lear. Fásann siad anois uaigneach, gach duine acu léi féin, laistiar de bhallaí caisleáin áit a bhfuil fíor bheagán lucht foirne fágtha, ar mhaith le rún Elsa a chaomhnú.
Ní féidir leis an scéal fanacht mar sin go deo. Tagann an lá go bhfuil Elsa le corónú.  Chuige sin tagann daoine ó i bhfad agus i ngearr go dtí an caisleáin, agus ar feadh tamall tá an cuma air go mbeidh an ghnáth críoch ann d'Anna, an cailín is óige - titim i ngrá le prionsa dathúil agus é a phósadh. Ach níl Elsa - atá anois ina banríon - sásta a beannacht a thabhairt. Éiríonn idir na deirfiúracha agus nochtar rún Elsa go tubaisteach - reonn sí gach ní thart uirthi.
Teitheann sí ón gcúirt agus ó sceon agus uafás a pobal. 
Ach níl a deirfiúr sásta í a thréigeann agus téann sí ina diaidh, ag fágáil Hans, an prionsa dathúil i seilbh.
Idir an dá linn, tá Elsa léi féin sna sléibhte, agus creideann sí saoirse agus suaimhneas a bheith aimsithe aici ina pálás nua oighreata. Ní thuigeann sí go bhfuil a baile dúchais fágtha i marbhfháisc an gheimhridh aici - creideann sí go bhfuil suaimhneas agus saoirse ansin freisin de bharr ise agus a rún sceonmhar a bheith imithe. Léargas bhreá atá sa chuid seo agus sa chuid faoi óige na gcailíní ar dhuine ag streachailt le huaigneas agus an eagla is féidir eascairt as bua ar leith, go háirithe bua a bhfuil míbhuntáistí ag dul leis fosta.
Agus Anna ag iarraidh teacht suas lena deirfiúr, cabhraíonn  Christof - díoltóir oighir atá anois gan ghairm - agus a réinfhia léi. I ndiaidh tamaill buaileann siad le hOlaf, fear sneachta beo - a eascraíonn as óige Anna agus Elsa agus a mhúsclaíonn cuimhní a hóige in Anna agus a threisíonn an mothúchán grá dá deirfiúr.
Tagann siad, tar éis an ghnáth eachtraíocht, chomh fada le pálás nua Elsa. Níl Elsa in ann cabhrú leo - fiú nuair a fheiceann sí go bhfuil an baile fágtha reoite aici. Níl smacht fós aici ar a bua. Éiríonn idir na deirfiúracha arís, agus an uair seo reonn Elsa croí Anna san achrann, i ngan fhios do cheachtar acu. Díbrítear an triúir as an pálás, fágtar Elsa níos uaigní agus corraithe ná riamh.
Tá capall Anna fillte ar an gcaisleáin gan a mháistreás faoi seo - agus tagann an Prionsa Hans agus trúpa chun í a lorg. I measc an trúpa tá dís giolla le Iarla santach agus é leagtha aige orthu Elsa a mharú. Fós tá an cuma ar an scéal go mbeidh an múnla tipiciúil á leanacht, an prionsa dathúil ina laoch, na mná laga á tharrtháil aige.
Téann Cristof ag lorg Rí na dTroll chun Anna a leigheas, fágtar Elsa gan aithne gan urlabhra tar éis troid ina pálás.
Níl ar chumas Rí na dTroll croí reoite a leigheas - níl de réiteach ar sin ach gníomh fíor ghrá.
Shílfeá ag an bpointe seo go bhfuil an teimpléid á leanacht go dlúth - póg an phrionsa dathúil réiteach na ceiste? 
Tagann corr gan choinne san scéal. Ainneoin go gcuireann Christof a bhundún amach chun í a bhreith ar ais ag an gcaisleáin, níl tarrtháil mar a shíleann sí i ndán do Anna. Mar níl i Hans tar éis an tsaoil ach cleasaí santach, an ríocht atá uaidh, ní an bhean. Tá sé i gceist aige feidhm a bhaint as síothlú Anna chun Elsa a chuir chun báis agus an choróin a shealbhú é féin.
Ar feadh seal tá gach cuma ar an scéal gur grá Christof an réiteach - ach arís ní mar a shíltear a bhítear agus is íobairt grá Anna do Elsa a thugann an deireadh sona atáthar ag tnúth leis.

Tá an scannán féin - chonaic muide leagan trí thoiseach - chomh snasta ó thaobh na teicneolaíochta is a bheadh duine ag tnúth leis ón gcearta sin. Tá an beochan foirfe, tá an ghreann agus an t-aicsean ann go flúirseach.

Ach is aoibhinn liom an scéalaíocht, agus is iontach an rud é beirt bhan láidir a bheith curtha i láthair, agus grá teaghlaigh seachas grá rómánsach mar réiteach. Grá a chuimsíonn fulaingt , soghontacht agus íobairt.

Níl ach locht amháin agam air - is cosúil go raibh leathshúil ag locht marsantacht cholainn na cailíní - táid beagnach barbie-áilte acu.

Mar sin féin, scéal chumhachtach, reicthe go maith.

No comments: