Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-01-08

Ealaíon, airgead ⁊ cinseal

Bhí plé inné ar Cormac ag a Cúig faoi ealaíon agus tráchtáil. Bhí Gabriel Rosenstock páirteach sa phlé in éineacht le beirt eile nár thug mé a n-ainmneacha liom. Faillí Luimnigh, i. an cíor thuathail ann maidir le "Cathair an Chultúir" a thug comhthéacs de seo, maorlathaigh ag caint ag an chultúir mar ath-bhrandáil ar an gcathair.

Riamh anall bhí an dá thaobh den ealaíon ann. Bhí na healaíontóirí gairmiúla, fostaithe ag an cinseal. Agus na hamaitéaraigh, spreagtha ag a ngrá nó tiomanta ag na béithe. Siamsaíocht agus spreagadh a chuir ar fáil acu araon.

Ach tuigeann an sciar gairmiúil cad as a bhfuil a gcuid béilí ag teacht, agus go bhfuil dualgas ag dul leis sin. Dualgas a n-éarlamh a mhóradh ina gcuid ealaíon. Fiú nuair is prionsaí eaglasta a bhí i gceist, chuaigh móradh an phrionsa lámh ar lámh le móradh Dé san ealaíon. 

Ainneoin sin, sheas cuid mhaith den ealaíon sin teist na hama - an teist a bhí ag Gabriel ar cad is fíor ealaíon ann.

Ach bhí rudaí níos fusa an uair sin, agus ealaíontóirí ag plé le triath. Duine amháin a bhí i gceist, agus mian soiléir aige - agus féidearthacht dul i bhfeidhm ar an mian sin. Is féidir toighis an fear aonair a mhúnlú. Is deacra faisean an tslua a athrú.

Anois is gá dul i ngleic le Coiste Maorlathaigh agus Áiritheoirí Pónairí gona Iniúchadh "Luach ar Airgead"! Cás gnó le réiteach. Toradh ar infheistíocht le ríomh. Agus coistí, coistí, coistí. Deirtear gur camall an toradh a bhí ar choiste a bhí ag iarraidh capall a dhearadh.

Fágann an daonlathas go bhfuil prionsaí gann, cé go bhfuil triatha gnó a bhfuil fós ar a gcumas, d'fhonn a gcoinsias a mhúchadh, bheith ina n-éarlamh ar na healaíona.

Ach ag an am gcéanna, tá scóip níos mó ag na hamaitéaraigh sa mhéid is go bhfágann an ghnáth saol oibre cathrach scóip ag daoine dul i ngleic le caithimh aimsire, cruthú ealíona san áireamh.

(Taobh leis sin atá litríocht na Gaeilge ó Imeacht na nIarlaí, gan amhras. Beag ionadh mar sin gur liric agus gearrscéalta is mó atá ar fáil inti).

Beidh teannas riamh ann idir ealaíontóirí agus lucht maoine. Is amhlaidh is fearr é. Mar a dúirt Gabriel ar Chormac ag a 5, is cuid de dhualgas an ealaíontóra cuir i gcoinne soiscéal an lae. Scáthán a léiriú don saol, agus ní haon dochar é bheith anchumthach scaití!