Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-01-11

Dúisigh a Rosetta!

Ar an 20ú Eanáir, ag 10:00 Am Uilíoch Lárnach dúiseoidh an spásárthach Rosetta as an staid suain ina bhfuil sí, d'fhonn fuinneamh a chaomhnú. (Tá comórtas físeáin á reáchtáil ag an Gníomhaireacht Spás Eorpach: mo lag iarracht faoi seo)


Traidhfil blianta ó shin bhí mé féin ag obair leis an gcomhlacht CAPTEC. Mar a tharlaíonn sé, bhí deireadh ag teacht lena gcuid oibre siúd le Rosetta agus mé ag tosú leo, mar sin ní raibh baint dhíreach agam leis an misean áirithe seo. Rinne siad promhadh ar na bogearraí don treoshuíomh agus don bainistiú sonraí do árthach, agus d'fhorbair siad na bogearraí don comhéadan cumarsáide leis an árthach a thuirlingeoidh ar an réalta mhongach - Philae.

Tá dúshláin ar leith ag baint le misean fad théarmach dá leithéid, le forbairt bogearraí cuí chuige, agus leis na tréimhsí fada ama roimh toradh do shaothar a fheiceáil. 

Beidh orm cúpla blagmhír athrógseanchais a scríobh faoi gnéithe de!