Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-05-26

Curaigh na hÉireann

Léitheoir ficsean mise lasmuigh de chúrsaí gairmiúla, agus fiú ansin is ailt is mó a léim.

Dá bhrí sin, murach gur chuir Cló Iar Chonnacht an leabhar seo faoi mo bhráid, ar éigin go mbeadh mé tar éis dul i ngleic leis. Níl mór dom admháil nár léigh mé go cúramach aireach é - ní fear báid mé, agus bhí mé ag streachailt leis an dtéarmaíocht coimhthíoch. Níl cabhair ar bith i bhfoclóir nuair atá an coincheap aduain. Is fíor go ndeachaigh an údar féin i ngleic le mo dheacrachtaí, ag míniú a chuid téarmaíochta. Ach níor leor sin le greim a choinneáil ar mo spéis luaineach.

Saothar cúramach cuimsitheach taighde atá anseo, agus is léir eolas agus grá an údair ar a rogha ábhar.

Suirbhé ciclipéideach atá ann ar an gcurach ó thús ama go dtí inniu. Tá an údar den tuairim gur ársa ar fad an curach ar a dtugann sé an curach ársa - seithe ainmhí ar chreatlach fite. Tugann sé foinsí agus fianaise dá thuairimí. Maíonn gur i curach a tháinig an céad duine go hÉireann, agus go raibh curraigh ar aibhneacha i gcliabhán na sibhialtachta, idir dhá abhainn san Meán Oirthear.

Rianaíonn sé a stair sna lámhscríbhinní is annála - ag roghnú sleachta oiriúnacha lena insint a léiriú. Maisiúchán deas ar an leabhair go bhfuil na giotaí seo sa seanchló. Tá na hImmrama luaite, dar ndóigh - ach tá fianaise eile thall is abhus. Luann sé eachtraí eile, fearacht Muintir Uí Suilleabháin Bhéara ag trasnú na Sionainne i gcuraigh a rinne siad ar an láthair.

Tá cuid mhaith den leabhar ag plé leis an gcurach 'traidisiúnta' a scaipeadh de bharr gníomhachtaí an gharda Cósta ar an gcósta thiar. Tá léargais sa leabhar ó na tuairisciú ar ghnóthaí iascaireachta a réitigh lucht an Gharda Cósta agus Bord na gCeantar Cúng. Sa mhullach ar sin tá pictiúir agus tuairiscí ó thaistealaithe.

Foinse thábhachtach, a déantar scagadh mion air ná mór shaothar Hornell ar na curacha. Tá eolas ar gach cineál ar leith curach a d'aimsigh Hornell, maille léaráidí agus grianghraf. Nuair is féidir tá curtha le heolas Hornell.

Tá léaráidí mionsonraithe do leor cineál éagsúla currach agus naomhóg sa leabhar.

Ag deireadh an leabhair tá cuir síos céim ar chéim ar tógáil curraigh, le grianghraf, léaráidí agus míniúcháin.

Saothar deá scríofa, agus go leor eolais ann, léirithe go cúramach le tagairtí as foinsí eile, le pictiúir agus grianghraf agus le léaráidí teicniúla.

Curaigh na hÉireann: a stair agus a scéal
Cló Iar-Chonnacht
Breandán Mac Conamhna