Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-02-05

Iomann molta leabharlanna

Is craosléitheoir mé.

Nós a d'forbair mé an-óg. Bhí sé d'ádh orm go bhfuil teach mo mhuintire trasna an bhóthar ó Leabharlann Phoiblí Tír an Iúir. Áit a thaitigh mé go rí mhinic agus mé ag fás aníos. Ainneoin gur ficsean is mó a léim, ficsean beagnach ar fad deánta na fírinne lasmuigh de chúrsaí gairmiúla agus creideamh, d'fhoghlaim mé go leor. Nuair atáim sáite i leabhar táim scoite amach ón saol.

Nuair a d'fhill mé ar Éireann i dtosach agus mé ag obair i lár na cathrach bhí deis agam feidhm a bhaint as leabharlann an Goethe Institut agus réimse leabhar i nGearmáinis a léamh.

Táim ag obair anois trasna an bhóthair ó Leabharlann Mhullach Íde.

Agus tá córas iontach iasachtaí idir leabharlanna ann, a chuireann ar mo chumas leabhair a roghnú as catalóg mórán gach leabharlann poiblí in Éirinn.

Tá teacht agam mar sin ar saothair a bheadh deacracht teacht orthu de bharr iad a bheith as cló le fada.

Bhíodh táille beag ar an seirbhís sin; níl faoi láthair.

Is áis iontach oideachais fad saoil an leabharlann phoiblí.

Feicim daltaí agus daoine fásta i mbun staidéar agus taighde ann.

Is maith ann na leabharlannaithe cé gur fada ó lorg mé comhairle óna leithéid. Mar sin féin scaití roghnaím leabhar le léamh de bharr é bheith curtha go feiceálach romham i taispeántas acu é.

Is cuid de luach na leabharlanna é seo, go dtiocfá ar seod nua (dhuitse) de thaisme ar na leabhragáin ann.

Is minic freisin gur tagairt in alt (ar líne nó in iris) a chuireann sa tóir ar leabhair mé, agus go gcuirim aithne ar údar nua de bharr.

Tá moltaí cairde agus léitheoirí eile fíor thábhachtach freisin.

Seoda is ea ar leabharlanna; is trua áfach gur minic nach mbíonn ach seilf nó dhó, go hiondúil as radharc i measc teangacha an Domhain a bhíonn ag an nGaeilge. Agus go leor de na leabhair i bhfolach i stóras mar nach mbíonn tóir na eolas ag formhór na léitheoirí orthu.

Is mór an trua gan leabharlann mór Gaeilge againn, ag fónamh do phobail na Gaeilge.