Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-12-01

Uisce faoi thalamh

Tá costas ar uisce ghlan inólta a chur ar fáil. Tá costas ar fáil réidh le séarachas go sábháilte. Tá bonneagar de dhíth, agus cothabháil de dhíth ar an mbonneagar sin. Agus i gcásanna mar sin, tá sé stuama go n-íocfaí as acmhainn de réir mar a bhaintear feidhm as. Níl aon fhadhb agam le táillí uisce i bprionsabal mar sin. Go deimhin, níl aon fhadhb agam lena leithéid de sheirbhís a bheith á chuir ar fáil ag dream atá ag gnóthú brabach réasúnta as, fad is atá seirbhís ar chaighdeán ard á chuir ar fáil, agus cothabháil cheart á dhéanamh ar bhonneagar. 

Ní hamhlaidh atá le hUisce Éireann. Monaplacht méith maorlathach.

Tá fadhb bhunúsach le seirbhísí stáit san tír seo. Is é sin go bhfuil an tír ró láraithe. Is fíor go bhfuil comhairlí contae ann, ach dáiríre is fo-oifigí iad de Roinn Stáit atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá teacht isteach áirithe acu ó rátaí gnó agus táillí, ach tagann mór-chuid dá maoiniú ón lárchiste. Tagann mórchuid den bpolasaí a chuirtear i bhfeidhm ón áit céanna. Mion bhainistíocht ón lár oifig.

Rinneadh faillí thar na blianta i gcothabháil bonneagar uisce agus séarachais na tíre, agus tá mór infheistíocht de dhíth. Chuige sin is gá airgead a fháil ar iasacht. Tá an Stáit báite i bhfiacha cheana, agus iarracht ab ea an Comhlacht leath stáit Uisce Éireann chun na fiacha seo a cheilt, amhail is nach fiacha de chuid an Stáit iad. Beidh le feiceáil an nglacfar leis an gcleas, an mbeidh Eurostat sásta é a fhaomhadh. Ag deireadh an lae áfach níl ann ach cur i gcéill, mar dóigh amháin nó dóigh eile is ar cháiníocóirí na tíre a thitfidh sé na fiacha a ghlanadh.

Mar sin is mithid dul i ngleic leis an bhfadhb struchtúrach. Is gá go mbeadh a leithéidí seo réitithe ar bhonn áitiúil, le tacaíocht ó na mórphobail tríd an  lár chiste do cheantair ar bheagán daonra. Go deimhin, i gcás grúpscéimeanna uisce, tá a leithéid i bhfeidhm i gceantair áirithe le fada. (Ach tá an Moloch úd Uisce Éireann ag slogadh roinnt acu).

Dá mbeadh nasc dhíreach, ghairid idir ioncam, caiteachas agus seirbhísí, dá mbeadh, lena chuir go garbh, boladh an chaca i bpollairí an dream a bhí ag déanamh na cinntí faoi uisce agus séarachas, bheadh na fadhbanna réitithe fadó.

Má táthar leis an bPoblacht a chur i gcrích san dlínse seo, is Rialtas áitiúil fuinniúil eochair na ceiste. Údarás agus freagracht dlúth, nasc dhíreach idir an pobal agus an dream atá ag cuir seirbhísí ar fáil.

Teach an Chustaim delenda est.