D'fhill mé inné ón oilithreacht bhliantúil go féile Imbolc i mBaile Bhúirne. Tá na rúibricí socruithe faoi seo. Gabhann triúr againn siar ó dheas sa charr tráthnóna Aoine. Bíonn béile (agus deoch de dhéantús an ghrúdlanna áitiúil) againn sa Mhuileann sula dtugann muid aghaidh ar an gCeolchoirm san Ionad Cultúrtha.
Ar ais go dtí an Mhuileann ansin do scléip agus allagar, agus oíche (gairid) codlata.
Bíonn na cainteanna ar feadh an lae ar an Satharn agus leanann an t-allagar sna sosanna a bhíonn idir gach dhá caint. Bíonn lón agus comhrá mar anlann leis sa Chrúiscín Lán againn.
An ghnáth nós atá agam na siúlóid a dhéanamh tríd an gcoill chuig Reilig agus tobar Ghobnatan.
Bhí cúpla corr sa scéal i mbliana áfach a chuir i malairt treo mé.
Ar an gcéad dul síos, taispeánadh scannán 'Ó Dhúthaigh Mhúscraí' faoi ealaíontóirí na háite agus an spreagadh a fhaigheann siad ón dtírdhreach áitiúil.
D'fhág sin gur lean an lá rud beag níos faide ná mar is iondúil.
Ansin, ba lá le Gobnait a bhí ann. Bhí cloiste agam go raibh dealbh ó na meánaoiseanna ar taispeáint sa séipéal i mBaile Bhúirne. Bhí fonn orm é fheiceáil. Bhí scata maith sa tóir uirthi, ag beannú ribíní le deasghnáth leis an dealbh. (Bhí na ribíní ar díol sa séipéal. Táim idir dhá chomhairle faoina leithéidí de ghnás ach chroch mé liom péire, do m'iníon is dom mháthair).
Méadair ar fhaid atá an dealbh, cruth mnaoi ina luí, lámha fillte ina hucht. Tá an aghaidh caite, ag póga na gcreidmheach thar na blianta is dócha. Mheabhraigh sé cos phráis Pheadair ina bhaisleac sa Róimh atá fágtha ina chnap ag muirniú na céadta bliain.
Tomhaistear fad an dealbh leis na ribíní, agus cuirtear timpeall muineál, com agus glúine iad. Glacaim leis go bhfuil paidir nó ortha i gceist freisin - breis taighde de dhíth.
Bhí an cuma air go rabhthas ar tí aifreann a rá, mar sin d'fhan mé san séipéal. Cheap mé go mbeadh Aifreann lá le Gobnait á rá, ach ar ndóigh bigil an Domhnaigh a bhí ann, agus aifreann dá réir- as béarla. Bhí sé aisteach béarla ghalánta an sagart paróiste a chlos, fear nár chuala mé roimhe uaidh ach Gaeilge nádúrtha deisbhéalach.
Faoin am a raibh an aifreann thart bhí dorchadas na hoíche tite agus ba den chríonnacht gan dul san amhantar sa choill. Shiúl mé ar ais fán mbóthar dá réir go dtí an Muileann agus béile na féile, comhluadar agus allagar den scoth mar anlann le bia bhreá an Mhuilinn.
Cuirimid clabhsúr leis an deireadh seachtaine le aifreann i gCúil Aodha, le tionlacan an chóir. Is iontach an rud é na ceithre glúin d'fhearaibh na háite a chlos i mbun comhcheoil.
Beidh tuairisc uaim abhus ar na cainteoirí, a bhí ar ardchaighdeán arís i mbliana, spleodrach eolgaiseach spreagúil.
Treise le Bernice agus Tomás agus gura fada buan Féile Imbolc!