21 April 2008

Na hÍobartaigh agus an Pápa

Bhuail sé leo.

D'éist sé leo.

Ghuigh sé leo.

Mar is dual dó, go ciúin, séimh, gan scéal mór a dhéanamh de (níl raibh an coinne airithe seo luaite san tráthchlár oifigiúil).

Le cúnamh Dé, agus an Spioraid Naomh, cuirfidh céimeanna mar seo dlús le leigheas na créachtaí san Eaglais.

3 comments:

Fearn said...

Sea! Dúirt Íosa nach raibh cur suas de scanaill 7 go mb'fhearr bró faoina muineáil lucht taobh na scanaille. I gcead duit, a aonghuis, bhí tú riamh ró-bhog ar "chiúnas" is ar "chur i bhfolach" na n-údaras thar na mblianta.

Tá daoine ann a bhfuil a saol scriosta millte ar "chúlchead" na hEaglaise - fág dínit A Naofachta ar leataobh

aonghus said...

Ní shéanaim é.

Tá leorgníomh agus cúiteamh dlite.

Ach is go ciúin a dhéanfar é, má tá éifeacht le bheith leis, seachas faoi soilse na gceamaraí.

Fearn said...

Tá i bhfad sa saol seachas ciúnas is soilse na gceamraí.

Is dual an cúiteamh bheith níos cumhachtaí ná an choir, idir a bheart is a chur i bhfolach.