28 May 2009

Aingeal, Deamhain agus fínscéalta an Brúnaigh

Paimfléid ag Mark Shea ag plé le úrscéal Dan Brown, a bhfuil scannán bunaithe air sna pictiúrlanna faoi láthair.

Maíonn an Brúnach go bhfuil taighde cúramach déanta aige ar a chuid ábhair. Ach níl, mar a léiríonn an leathanach seo ag CERN.

Ba chuma, ach go bhfuil aineolas forleathan ann faoin gcreidimh agus an Eaglais, agus go gcothaíonn leabhair Brown na fínscéalta dubha seo faoin naimhdeas idir Creideamh agus Eolaíocht, nuair atá a mhalairt fíor - is as an Eaglais a d'fhás an eolaíocht.

Tá an paimfléid cuimsitheach agus scríofa i stíl éadrom Mhark.

Is fiú é a léamh.

11 comments:

Fearn said...

" is as an Eaglais a d'fhás an eolaíocht.?"

Is as caidéiseacht an duine, go háirithe indibhidí ar leith, a fhásann an eolaíocht.

Séamas Poncán said...

Níl a fhios agam cad tá cearr lenár suíomh le déanaí, ach má thagann sé ar ais, seo alt a scríobh mé cúpla bliain ó shin ar an ábhar seo. Bhí sé in Feasta.

aonghus said...

Seasaim leis an méid a scríobh mé.

Chothaigh an creideamh Giúdach agus Críostaí i nDia a fheidhmíonn de réir réasún an aeráid inar fhás an eolaíocht.

Fearn said...

"Chothaigh an creideamh Giúdach agus Críostaí i nDia a fheidhmíonn de réir réasún an aeráid inar fhás an eolaíocht."

Cá bhfágann sin an Moslamach, an Síneach, an tIncach, an Maigheach, 7rl., 7rl agus an firín beag siar sa bhothar a d'fhionn an roth?

aonghus said...

Ní ionann teicneolaíocht agus eolaíocht. Deir mo chomhghleacaí Síneach féin gurbh é sin an constaic is mó roimh a phobal - go bhfuil siad go maith sa teicneolaíocht (is acu a bhí cló 7rl i bhfad roimh an gcuid eile againn) ach nach bhfuil an traidisiún acu dul go domhain sa scéal ar thoir na fréamhacha.

Is amhlaidh do na Moslamaigh, a rinne dul chun cinn sa mhatamaitic bunaithe ar an méid a d'fhoghlaim siad ó na Gréigigh tríd na Giúdaigh agus na Coptaigh, ach nach nglacann leis go bhfuil an cruinne ná Dia ag leanacht réasún so thuigthe.

Bhláthaigh an tEolaíocht san Eoraip, Eoraip a bhí go láidir faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí.

Fearn said...

Ní ionann teicneolaíocht agus eolaíocht.
+ Sea, eolaíocht a luaigh tú .i. teoiric mar a oibríonn gach rud, sa chiall is leithne.

Deir mo chomhghleacaí Síneach féin gurbh é sin an constaic is mó roimh a phobal - go bhfuil siad go maith sa teicneolaíocht (is acu a bhí cló 7rl i bhfad roimh an gcuid eile againn) ach nach bhfuil an traidisiún acu dul go domhain sa scéal ar thoir na fréamhacha.
+Ach fós tháinig a shinsir ar theoiricí

Is amhlaidh do na Moslamaigh, a rinne dul chun cinn sa mhatamaitic bunaithe ar an méid a d'fhoghlaim siad ó na Gréigigh tríd na Giúdaigh agus na Coptaigh,[+ ná fág an tIndeach as ] ach nach nglacann leis go bhfuil an cruinne ná Dia ag leanacht réasún so thuigthe.
+Aidhe! tá tú ag imeacht ó choincheap na heolaíochta anois. Maím nach as eaglais ar bith a d'fhás eolaíocht. Ní gnó eaglaise an eolaíocht ( ach mar a thagann sí trasna a creideamh )

Bhláthaigh an tEolaíocht san Eoraip, Eoraip a bhí go láidir faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí.

+ Ní hionann comhchoibhneas agus caolagróireacht.
Tá i bhfad rómhór cúinsí eile ann a fhágann "cultúr na hEorpa" suas ar an domhain faoi láthair. Bhí eolaíocht ag eascair ann roimh eaglaisí, ag siúl leo, b'fhéidir, ach freagrach as; ní hea

aonghus said...

ag siúl leoFeictear dom go bhfuil an sintéis aimsithe agat anois idir an téis (naimhdeas na heaglaise don eolaíocht) agus mo friththéis.

Fearn said...

“is as an Eaglais a d'fhás an eolaíocht.”

Sin atá á bhréagnú agam.

Ní thuigim a scríobh tú: “ag siúl leoFeictear dom go bhfuil an sintéis aimsithe agat anois idir an téis (naimhdeas na heaglaise don eolaíocht) agus mo friththéis.”


Feictear dom go bhfuil tú a maíomh (abair) gur “as an garraíadóireacht a d’fhás na plandaí” agus mise a rá go raibh plandaí riamh ann

aonghus said...

Thuig mé go ndúirt tú go raibh na heaglaisí ag siúl leis na heolaithe, i. a bheith fabharach nó ar a laghad neodrach. Glacaim leis go raibh mo mhaíomh beagán thar fóir.

Táim sásta le do argóint má thuig mé i gceart é.

Fearn said...

Sinn féin, Sinn féin!

(sa chiall atá leis i bhfoclóir Uí Dhuinnín )


Nár tréige do mheabhair thú, a Aonghuis!

(Beidh lá eile ag na Paoraigh!)

aonghus said...

Idir an teas neamhghnách agus gan Duinnín a bheith le lámh, tá amhras orm faoi mo mheabhair...