17 October 2009

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine

Aiste spéisiúil le Wolfgang Schäuble (Aire Intíre na Gearmáine) san Tagesspiegel:

Ní aonarán an duine. Tá sé spléach ar an gcomhphobal. Ní leor mar sin tuiscint ar an saoirse atá srianta do "cur suas lena laghad srianta agus is féidir"
Labhraíonn sé ar "fánaithe an 21ú aois", iad siúd atá ag obair go sealadach i dtír amháin, ach gan nasc acu le pobal na háite. Agus go bhfuil iarmhairtí aige sin don bpobal. Ach freisin nach d'inimircigh amháin atá seo srianta. Go bhfuil gá le dlúthpháirtíocht agus luachanna, agus an cothromaíocht idir an Mhargadh agus an Stát.

An fhíor cheist córasach ná: Conas a éiríonn linn i Gheilleagair an Margadh, féachaint chuige go mbaintear feidhm go freagrach as Saoirse?

2 comments:

ormondo said...

Dá rachadh an t-iliomad rudaí as saol na polaitíochta abhus i ndíchuimhne orm (genug gesagt!) ba mhó a d'fhéadfainn súp a bhaint as a leithéid de teagasc morálta.

Ní hionann sin is a rá nach n-aontaím leis a bhfuil san alt nó cuid mhaith de ar aon nós.

Aistear casta é an saol sa lá inniu agus - más mian leis an té gan ghéilleadh don soiniciúlacht láithreach bonn - is minic is gá ainliú idir a bheith ina mhothaolaí agus a bheith ina shoinicí.

aonghus said...

Tuigim dhuit. Tá blas den "déan mar a deirim, ní mar a dhéanaim" ag baint lena leithéid de chaint ó pholaiteoir mór le rá.

Ach sin a bhíonn sa pholaitíocht - gnó measartha cáidheach. Ach is fearr polaiteoir le fealsúnacht fónta, fiú muna thagann a ghníomh leis i gcónaí ná daoscar chorraitheoir!