19 October 2009

Drúchtín ballach agus Domhnaillín an Chlúimh

Ní bhíonn mórán fiadhúlra le feiscint amuigh ar na sléibhte in Éireann. Ach bhí an dís thuas fairsing go leor i gCorca Dhuibhne agus muid ann.

Is suimiúil an fheithid an Drúchtín ballach. Seachas i gCiarraí, is san Spáinn agus sa Phortaingéil atá an cineál seo le fáil. Dealraíonn sé gur i lasta báid a tháinig sé abhus, san uair sin go raibh trádáil idir Corca Dhuibhne agus an Spáinn chomh fairsing sin gurbh iad Spáinnis agus Gaeilge teangacha an Daingin. Deirtear gurbh iad na Spáinnigh a thóg Eaglais Naomh Séamas san Daingean. Bhíodh oilithreacht ón Daingean go Santiago de Compostela coitianta, agus b'é an eaglais sin Tús Scríbe dó. Ar ndóigh, cá bhfios nach le Clann Míle a tháinig an Drúchtín Ballach!

Maidir leis an bhfeithid eile, "Hairy Molly" atá agamsa air sa Bhéarla, ach fuair mé an leagan "Domhnaillín an Chlúimh" ó Mháire Ní Scannláin agus muid thiar. Deir Google liom gurbh larbha an Ruán Bhig atá i gceist leis.

2 comments:

crosbhealaí said...

An-suimiúil- agus nach bhfuil oilithreach meánaoiseach curtha in Ardeaglais Ard Fearta i gCiarraí (atá ina sheanfhothrach anois), agus bhí sceallóg oilithreachta an Camino mar shuaitheantas lena chorp.

aonghus said...

Ní chuifidh sé ionadh orm. Tháinig borradh faoin gCamino nuair nach raibh sé sabháilte dul go dtí an Talamah Naofa de bharr ionradh na Muslamach.

Agus bhí an oilithreacht riamh tabhachtach do fánaithe Éireannacha!