16 October 2009

Omós don bhFocal

Argóint in aghaidh na Blagadóireachta ag First Things.

Agus freasúra ón stábla céanna.

Tá pointí fiúntacha san dá alt.

6 comments:

Dubhaltach said...

An bhfuil aon ábharthacht idir na tuairimí seo agus blagadóireacht* na Gaeilge i ndáiríre ós rud é go bhfuil aon bhlag as Gaeilge i bhfad níos fearr -cuma cén caighdeán- ná gan an blag céanna a bheith ann.



* nó Blagáil mar is fearr le lucht an Oireachtais!

Cailliomachas said...

Feictear dom go bhfuil caighdeán na blagadóireachta Gaeilge an-ard. Feictear domsa (tar éis dom an dá alt seo a léamh agus roinnt blaganna i mBéarla freisin) nach bhfuil na fadhbanna céanna againne ar chor ar bith.

An féidir ar rá go bhfuilim ag blagáil anois toisc go bhfuil spéis agam sa bhlagadóireacht?

aonghus said...

De bharr an dua a bhaineann le rud a bith a scríobh as Gaeilge, is dócha go bhfuil muid saor roinnt ón fánachas a chuireann as do bhlagadóireacht an Bhéarla. Ach is den mheán é go mbíonn an rud gasta, agus is dóigh liom go bhfuil an baol ann atá luaite san alt.

Ach leanann mórán gach rud mar seo dáileadh cumhachtaí. (Féach an alt seo.

Tá sampla na blaganna Gaeilge beag - go fóill.

Cailliomachas said...

An ceart agat - rud nach annamh leat. Ach feictear dom go bhfuilimid níos béasaí freisin - i ndea-chiall an fhocail.
'Seo' an-spéisiúil. Curtha i measc na leabharmharcanna.

Anonymous said...

Agus:

http://www.edocere.org/articles/importance_of_language.htm

http://www.angelusonline.org/print.php?sid=499

aonghus said...

Go raibh maith agat as na naisc, a dhuine anaithnid!