16 November 2009

Spúinse Castachta

Bhí a lán plé ag Chomhdháil, ar fhreastail mé air san Ísiltír ar na mallaibh faoi "chastacht" bhogearraí. Bhí gach aoinne ar aon fhocal faoi go raibh castacht na mbogearraí ag fás - ainneoin nach raibh aoinne á thomhais. Go deimhin, ní raibh aoinne cinnte conas ar cheart castacht a thomhas. Luadh staidéir de chuid NASA ar an ábhar. Chuaigh mé sa tóir air, agus is mór an tairbhe é a léamh.

Bhí cuir síos soiléir ar cad is castacht ann:
"Tomhas ar an deacracht bogearra a thuiscint agus a dheimhniú"
Tá an sainmhíniú seo suntasach, toisc go léiríonn sé gné thábhachtach. Is ar an duine atá ag iarraidh an bogearra a thuiscint a bhraitheann an castacht, cuid mhór. Rud a mhíníonn gné eile. Labhraíodh i 1968, ag comhdháil bogearraí NATO, ar an ngéarchéim bogearraí. Agus seo muid, daichead bliain níos déanaí, imníoch faoin gceist chéanna. Tá difear ann, áfach. An uair úd, ríomhchláir a raibh roinnt deicheanna de mhílte líne a bhí gceist le "casta". Anois, is roinnt milliún líne atá i gceist. Tá, mar sin, forbairt tagtha ar ár cumas tuisceana, agus ár acmhainn dul i ngleic le castacht. Ach creidim go bhfuil nath Dijkstra fós fíor:
Nuair nach raibh ann d'aon ríomhaire, níorbh fadhb ar bith a bhí san ríomhchlárú. Nuair a bhí na ríomhairí lag, ba fadhb beag a bhí sa ríomhchlárú. Anois agus oll-ríomhairí ann is oll-fhadhb atá sa ríomhchlárú.
Cé go bhfuil maolú éigin le feiscint ar fás cumhacht ríomhairí mar thoradh ar Dlí Mhoore, tá gnéithe eile fós ag cuir le cumhacht ríomhairí. Costas íseal agus luas ard cuimhne, mar shampla. Nó próiseáil oll-chomhuaineach ar ríomhairí il-eithneacha. Fágann sin go bhfuil níos mó agus níos feidhmeanna a gcur i gcrích i mbogearraí sna ríomhairí cumhachtacha seo. "Spúinse castachta" atá sna bogearraí - tá níos mó agus níos mó d'fheidhmeanna córais á rialú ag na bogearraí. I scairdéitleáin cogaidh, tá an feidhmiúlacht atá curtha ar fáil i mbogearraí tar éis fás ó 8% go dtí 80% in achair ghearr blianta.

Dá bhrí sin, déantar idirdhealú cúramach i dtuarascáil NASA idir "feidhmiúlacht riachtanach" agus "castacht theagmhasach".

Maidir leis an gcéad gné, ní féidir mórán a dhéanamh. Moltar, áfach, a bheith cinnte go bhfuil an feidhmiúlacht riachtanach - gur cheart bonnmhíniú a sholáthar chun na riachtanais ar an gcóras a dhlisteanú.

Is san castacht theagmhasach is mó is féidir dul chun cinn a dhéanamh. Leagtar béim san tuarascáil ar thábhacht comhbhabhtáil - go mbeadh gach réimse innealtóireacht páirteach san idirphlé agus cinntí á dhéanamh, chun go seachnófaí an cás go mbeadh simpliú ar chuid amháin den gcóras ar chostas breis castacht i gcodanna eile.

Scéal cogadh de'm chuid féin: Bhíomar ar an traein faoi thalamh ag obair an an bhfearas rialaithe. Tharla sé go raibh na hinnealtóirí a bhí ag obair ar an gcóras faisnéise do phaisinéirí ann freisin. Ní raibh a gcuid trealamh ag obair - bhí siad a ríomh faid a bhí 75% ró ghairid. B'é an chaoi go raibh siadsan ag suimiú an luas thar am. Ach in áit an 4 sampla in aghaidh an soicind a chreid siad a bheith acu, ní raibh siad ach ag fáil trí sampla. Bhí an iomarca tráchta ar an líonra inmheánach san traein. Tharla sé gur chuala muid iad ag plé. Dúirt muid leo gurbh amhlaidh go raibh muide ag difreáil faid le teacht ar an luas - agus go bhfeadfadh muid an faid a chuir ar fáil dóibh díreach! Ach murach gur tharla san áit chéanna muid, bheadh a gcóras siúd fós casta agus leochaileach - gan gá. Le faid, ba chuma dá mbeadh roinnt teachtaireachtaí imithe ar strae - bheadh an t-eolas cruinn san céad teachtaireacht eile, gan cúpláil idir teachtaireachtaí.

Foinse thábhachtach castachta is ea cúpláil - easpa neamhspleáchais idir gnéithe den gcóras. Nuair a chuirtear córais a chreidtear a bheith intuigthe agus simplí le chéile, is féidir torthaí nach raibh súil leo a theacht as - iompar "éiritheach". Agus is minic gurbh as seo a fhásann castacht, agus fabhtanna.

Ailtireacht chúramach an leigheas a mholtar san tuarascáil. Ach aithnítear an gá le hoiliúint chuige sin freisin. Agus an caomhachas is dual don ghairm san earnáil bogearraí iontaofa.

Conair chasta fós roimh an ghairm, mar sin. Ach clochmhíle - agus foinse dul chun cinn - mhaith san tuarascáil seo!

13 comments:

Dennis King said...

Ní castacht go hinnealtóir ag plé castachta!

Fearn said...

A Aonghuis,
tuige a ghlaoann tú "castacht, casta" air seachas m.s, "ilchastacht, ilchoda; 7rl"?

Nach é seo rud a ghearán tú faoi cheana: neamhchruinneas na Gaeilge i dtaca leis an Ghearmáis agus an Bhéarla?

aonghus said...

Ní fheicim aon ghá. Feictear dom go bhfreagráíonn castacht go maith don gceist atá idir chamáin.

Ní cuimhin liom gearán ach oiread faoi easpa chruinneas na Gaeilge. Níl an Bhéarla ná an Ghearmáinís cruinn ach oiread! Rud atá sa chruinneas a bhraitheann ar an duine fosta - an bhfuil sé ar a chumas an t-ábhar a scagadh go cuí leis na focail atá ar fáil dó!

casta [aidiacht den tríú díochlaonadh]
lúbtha; achrannach, lán castaí (ceist chasta); seargtha (críon casta).

Fearn said...

Bhuel, ní ag ceasacht ort atáim ach mar thutach ag caitheamh súil ar an ábhar a luaigh tú is "ilchastacht" agus " ilchoda" a rith liom mar chur síos ar a raibh tú ag tagairt dó.

Chuir mé an cheist ortsa,cionn 's nach nach léir domh duine eile a phléann ríomhaireacht chomh eolach sin agus deaGhaeilge aige. Thuairimeoinn go bhfuil tusa i do dhuine cheann riain agus lucht na Gaeilge agus na ríomhaireachta ag sodar i do dhiaidh.

Maidir le cruinneas, luaigh mé teanga i dtaca le teanga, seachas staid idéalach. Is fíor dhuit a rá " Rud atá sa chruinneas a bhraitheann ar an duine fosta - an bhfuil sé ar a chumas an t-ábhar a scagadh go cuí leis na focail atá ar fáil dó!"
Sea, an cur amach atá aige ar an ábhar agus an focalstór atá aige.

Beag an baol go bhfuil "ilchastacht" agus " ilchoda" sa bhFoclóir Bheag, ach geallaim duit go bhfuil siad sa teanga.

Dar liom, ní suailce é i gcónaí fanacht i mbun teirce focal agus maidir leis an Ghaeilge ní shiúlann cruinneas le teirce focal dar liom.

Fearn said...

De réir "Focal ie" tá "ilchodach" acu in roinnt téarmaí ríomhaireachta. mar sin, seans go bhfuil sé sannaithe do míniú ar leith. Tá "ilchasta" acu ach i réimse eile.

aonghus said...

Tá, agus an dá réimse beag beann ar an rud a bhí á phlé agamsa.

Tig le rud a bheith ilchodach, sé sin cumtha as mórán codanna, ach gan a bheith casta. Go deimhin, leigheas amháin ar chastacht ná dearadh ilchodach, cúramach - ag seachaint cúpláil.

Agus maidir leis an sainmhíniú atá acu ar ilchasta, airí eile atá ansan. D'fheadfadh córas a bheith ilchasta, ach simplí!

ormondo said...

An-spéisiúil.

Fearn said...

Bhal,
ní hé seo an chéad uair a rith sé liom go bhfuil lucht na "bhfoclóirí nua" leathdhall sa mhéad is go gcaithfidh tú dul i muinín an bhéarla le meabhair a bhaint astu.

aonghus said...

Aontaím leat maidir leis an sainmhíniú ar "ilchasta". Ach tá ilchoda soiléir, dar liom. (il + cuid")

Níl fhios agam cén Ghaeilge a chuirfinn ar rud atá "elaborate". Bheadh claonadh ionam cur síos a dhéanamh air. "ilghnéitheach", b'fhéidir.

An Cainteoir Dóchais said...

An meafar a ritheann liom agus mé ag machnamh ar na bogearraí an-mhóra, an-chasta (córais oibriúcháin agus mar sin de) ná go bhfuil siad cosúil le horgánaigh bhitheolaíocha, nó b'fhéidir cosúil le seanfhoirgnimh. Tá phluiméireacht iontu chomh casta sin nach dtuigeann éine níos mó é agus is fearr le daoine gan baint de, a fhad is a oibríonn sé.

aonghus said...

Tá sin ann, cinnte. Ceann de na cúiseanna ar theip ar Netscape ná go ndearna siad iarracht tosú as an nua.

Bhí a lán mion gnéithe sa brabhsálaí nár thuig aoinne i gceart, agus thóg sé i bhfad orthu teacht go dtí an staid céanna feidhmiúlachta le Mozilla.

An Cainteoir Dóchais said...

I gcás Netscape agus Mozilla, ceapaim gur féidir a rá, cé gur theip ar Netscape mar chomhlacht, d'éirigh le Mozilla mar thionscnamh mar tá brabhsálaí ann anois atá réasúnta "glan" ó thaobh na pluiméireachta inmheánaí de. Más ea, b'fhiú an cinneadh é an seanfhoirgneamh a leagan agus tosú as an nua.

aonghus said...

B'fhiú cinnte - ach bhí bealach fada le dul. B'éigean fáil amach cad iad na fáis a bhí riachtanach, agus cad iad na fáis nach raibh feidhm leo.

B'fhearr go mór é sin a sheachaint - mar atá molta san tuarascáil úd - le hailtireacht agus "refactoring", pé Gaeilge a chuirfeá ar sin.