16 July 2010

Saoirse coinsiasa agus cláraitheoirí

Ar dtús: mo leithscéal roimh ré d'aon léitheoir a bhraitheann maslaithe toisc go bhfuil seasamh caomhach agamsa ar chúrsaí collaíochta. Ní mian liom aon duine a mhaslú: ach nílim chun mo thuairimí a bhréagnú ach oiread. Is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo go maith iad.

Tá alt liom i nGaelscéal an lae inniu maidir le saoirse coinsiasa.

Luaim ann "Faoin mbille [Bille um Páirtnéireacht Shibhialta], atá achtaithe anois, is cion é do chláraitheoir diúltú páirt a ghlacadh i searmanas páirtnéireachta sibhialta."

Is mithid rud amháin a shoiléiriú faoi seo. Sa mhéid agus gur gníomh riaracháin atá i gceist: páirtnéireacht atá de réir dlí a chlárú, ní thagann coinsias i gceist. Ní gníomhaire saor an státseirbhíseach i gcás dá leithéid.

'Sé an deacracht atá agamsa ná go mbíonn searmanas i gceist; ceiliúradh, agus an chláraitheoir mar "cheiliúraí" san searmanas seo.

Is san ghné seo amháin go bhfeicim go bhfeadfaí deacrachtaí coinsiasa a bheith ag duine; agus sílim go mbeadh sé de cheart ag duine socrú a dhéanamh an deacracht seo a sheachaint: ní tríd diúltú scun scan do clárú, ach tríd socrú a dhéanamh duine eile a chuir ar fáil.

B'fhearr go mór, dar liom, an gníomh riaracháin agus an cheiliúradh a scaradh go hiomlán. Riarachán a fhágáil faoin Stát; agus forais eile a bheith ann do gceiliúradh agus searmanas, gnéithe atá tábhachtach don duine agus don bpobal, ach ar cheart iad a bheith neamhspleách ar an stát.

Fáiltím dá réir roimh na searmanais a chuireann an Cumann Daonnachach ar fáil.

11 comments:

coc said...

'Sé an deacracht atá agamsa ná go mbíonn searmanas i gceist; ceiliúradh, agus an chláraitheoir mar "cheiliúraí" san searmanas seo.

Is san ghné seo amháin go bhfeicim go bhfeadfaí deacrachtaí coinsiasa a bheith ag duine; agus sílim go mbeadh sé de cheart ag duine socrú a dhéanamh an deacracht seo a sheachaint: ní tríd diúltú scun scan do clárú, ach tríd socrú a dhéanamh duine eile a chuir ar fáil.


An bhfuil aon fianaise ann go bhfuil éinne a oibríonn mar cheiliúraí don Stát nach bhfuil (nó nach mbeadh fiú) 'compórdach' le chlárú lánúin chomhghéis, nó an diúltú hipitéiseach atá i gceist anseo agat?

aonghus said...

Molaim duit an plé san Seanad a léamh. Sílim, i bhfianaise an méid a dúirt an Aire Dlí agus Cirt, go mbeadh sé thar a bheith deacair ag fostaí dá chuid siúd an cheist seo a ardú fiú.

Ach is ceist prionsabail atá á phlé agamsa anseo. Fiú mura bhfuil aon duine ann ag éileamh an ceart seo anois, ceart atá ann fós.

Dubhaltach said...

Tá an t-alt léite agam ach ní thuigim éirim d'argóinte maidir le páirtnéireacht shibhialta go fóill. Mar atá luaite ag COC thuas an bhfuil tú ag maíomh go bhfuil eolas agat ar chláraitheoir(í) nach mbeadh toilteanach an dlí agus a phost a chomhlíonadh?

aonghus said...

Nílim.

Ach ní dóigh liom go mbaineann sé sin leis an gceist prionsabail.

Tá daoine ann, mise ina measc, a chreideann go hionraic nach bhfuil aon chaidreamh collaí lasmuigh de phósadh buan idir fhear agus bean, atá oscailte don bheatha, dlisteanach.

An ceart go mbeadh iachall de réir dlí orainn rud a fheictear dúinn a bheith mícheart a cheiliúradh?

Dubhaltach said...

Ceist fíorchasta a ardaíonn tú. Agus ní shin an chéad uair a ardaigh tú é más buan mo chuimhne.

Ní shílim go bhfuil an reitric agam an cheist seo a phlé gan tú a mhaslú.

Ar chóir creideamh nó tuairim duine teacht idir dhuine eile agus a chearta? Níor chóir, ariamh.
Ach tuigim cad atá i gceist agat faoin duine ag déanamh oibre mar cheiliúraí ar son an Stáit, más rud é go bhfuil an tuairim chéanna acu is atá agatsa.

Sin ráite tá ré nua níos fearr i bhfeidhm inniu, agus má tá fadhb ag duine lánúin aerach a phósadh mar atá dlíthe dóibh laistigh den dlí ní mór don duine sin a ról a cheistiú le feiceáil an bhfuil sé oiriúnach don phost sin. Tá dhá rogha aige mar sin; a phost a chomhlíonadh mar is chóir nó a phost a fhágáil do dhuine a dhéanfadh é.

aonghus said...

Níl sé chomh furasta sin mé a mhaslú! (Go buan, pé scéal é. Bím colgach agus taghdach uaireanta).

Ceist thábhachtach atá ann, má tá poblacht fíor oscailte uainn.

Mura bhfuil cead argóint a dhéanamh ar an mbunús go bhfuil a leithéid ann agus Fírinne Absalóideach, agus an leas coiteann, tá deacracht ann!

coc said...

An fáth gur chur mé an cheist ná cé go dtuigim go bhfuil daoine ann a chuireann béim ar leith ar thábhacht an phósadh mar a thuigtear don eaglais é (eaglais ar leith atá á phlé againn anseo is dócha), agus gur cheiliúradh ós comhair an phobail agus ós comahair Dé (arís, dia ar leith) atá ann, cheapfainn nach iadsan a bheadh súil agam a bheith sásta a bheith fostaithe mar cheiliúraí 'saolta'. 'Sé sin le rá, nach mbeadh tuairim diúltach ag a leithéidí i leith pósadh (nó comhphaírtíocht) stáit sa chéad áit? Nach gceapfadh siad nach pósadh atá ann gan sagart agus eaglais srl?

An sárú cearta é iallach a chur ar daoine imeacht chun oibre Dé Domhnaigh? Ní dóigh liom gurb ea. Aimsigh post eile má tá do choinsias ag cur as duit.

Ach roimh iomarca ama a chaitheamh ar an gceist sin, is fiú fiosrú a dhéanamh an ceist choinsiasa atá romhainn in aon chor? San alt ar Ghaelscéal níor thuig mé cén fáth ar luadh ginmhilleadh ach amháin chun an cheist choinsiasa sin a chur faoinar mbráid ar chaoi a chuireadh ina luí orainn gur cheist choinsiasa atá i gceist le pósadh freisin. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin léirithe ná cruthaithe agat. Chun a bheith níos soiléire - tuigim gur ceist choinsiasa duitse í, ach ní thuigim cén fáth go gceapann tú go bhfuil sé seo chomh soiléir do chách nach gá é a mhíniú dúinn.

Ní shéanfainn go bhfuil a leithéid ann agus leas coiteann, nó fiú fírinne absalóideach (gan cinnlitreacha áfach) ach is léir domsa nach n-aontóinn leat ar chor ar bith cad a bheadh chun leasa an sochaí i gcoitinne sa chás seo.

aonghus said...

Cheap mé gurbh leor an tagairt don bplé san Seanad.

Ní ceist d'eaglais amháin, ná go deimhin don gCríostaíocht amháin é an dearcadh "traidisiúnta" ar an bpósadh.

Bhí mé an nascadh an diúltú ceisteanna coinsiasa a phlé san Seanad (imríodh an gilitín ar an bplé, agus níor rinneadh plé ar mholtaí maidir le saoirse coinsiasa) agus iarrachtaí ag an PACE saoirse coinsiasa a srianadh i gcúrsaí leighis (rud atá níos leithne ná ginmhilleadh).

aonghus said...

is léir domsa nach n-aontóinn leat ar chor ar bith cad a bheadh chun leasa an sochaí i gcoitinne sa chás seo.

Agus níl mé ag éileamh go ndéanfá. Ach mé ag éileamh an ceart gan gníomhú ar bhealach a sháródh mo choinsias; agus tá mé ag éileamh an cheart sin do gach saoránach.

Tá mé ag éileamh nach gcuirfí iallach ar aoinne cuir in iúl tríd briathra ná gníomhartha go bhfuil rud éigin a chreideann an té sin a bheith mícheart, ceart.

Agus tá amhras orm faoi "faigh post eile" mar fhreagra.

Dennis King said...

Tá daoine ann, mise ina measc, a chreideann go hionraic nach bhfuil aon chaidreamh collaí lasmuigh de phósadh buan idir fhear agus bean, atá oscailte don bheatha, dlisteanach.

Uaireanta cuirim ceist orm féin: An mbeidh sibhse, tusa agus an chuid eile, chomh gafa céanna i gcúrsaí craicinn dá mbeadh sibh sona sásta in bhur gcraiceann féin?

Seán said...

Ceist: An ndéanfá dochar don ord shóisialta agus don mhoráltacht phoiblí cur i gcoinne an bhille seo? Deirim, ní dhéanfá. Is amhlaidh a dhéanfaidh an bille sé féin dochar don ord shóisialta agus don mhoráltacht phoiblí! Ina theannta sin déarfainn go mbeadh duine inteacht faoi dualgas coinsiasa cur i gcoinne na bpáirtnéireachtaí seo go morálta.