Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-07-17

Cosán cianda coisricthe

Go hiondúil, is ar an mBaile Breac a chuireann muid fúinn agus muid i gCorca Dhuibhne. Mar sin, is suas agus anuas cosán na Naomh a dhreap mé Cnoc Bréanainn go dtí seo. I mbliana, agus muid ag cuir fúinn i mBaile na hAbha, thapaigh mé an deis dul bealach eile le mo dhara mhac. An chéad uair suas Bréanainn aige siúd a bhí ann.

Téann Slí Corca Dhuibhne tríd Baile na hAbha, agus ar aghaidh suas Cnoc na Bristí i dtreo an mhám idir Más na Tiompáin agus Piaras Beag. Is ann atá an gallán greanta seo. Agus b'shin mar a shiúl muid ar dtúis. Dreapadh 600m atá i gceist leis an gcuid seo, ach thar thart ar 3km. Mar sin féin, b'é seo an cuid is deacra, dar liom. Ansin chas muid ó dheas, ag dul thar Piaras Beag agus timpeall ar Piaras Mór. Tá claí - nó ar a laghad na pollaí - ansin ar féidir é a leanacht, thar Gualainn na hAille, os cionn Coimín na gCnámh agus Aill a'Turasa go dtí barr Bhréanainn.

Mar is dual do sliabh atá baiste, tá cros mór ar bharr - ach freisin fothraigh séipéil nó cill bheag - níl fágtha ach an bonnsraith, ach tugann sé foscadh éigin chun lón a ithe! Tháinig muid anuas Cosán na Naomh go dtí an Baile Breac. Tá an bealach seo marcáilte go maith le cuaillí bána plaisteacha, agus crosanna móra - Stáisiúin na Croise. Ceithre uair an chloig ar fad a thóg sé orainn.

Is cinnte go bhfuil na bealaí seo in úsáid leis na mílte bliain - bhíodh na hardáin naofa riamh. Ach bhíodh na comharthaí slí níos spéisiúla fadó, feictear dom!