Tá léarscáil nua 1:25000 de Cnoc Bréanainn ar fáil ón Suirbhéireacht Ordanáis; cabhair mór a bhí ann agus mé ag súil thiar. Seo thuas an conair a lean mé agus mé ag tabhairt cuairt ar Loch a' Dúin agus Com an Áir. Bhí an chuid eile den teaghlach ag dul go dtí na Machairí, áit a raibh na buachaillí ag dul ag clársheoltóireacht le Jamie Knox.Tá cosán isteach go Loch a' Dúin díreach tar éis an bóthar go dtí an Clochán agus an Chonair trasnaithe agat ag teacht ón Daingean. B'shin mo thúsphointe. (Murach go raibh mé ann san Fhómhair, ní bheadh sé faighte agam - níl aon fhógra ann, cé go bhfuil fógraí istigh ag Comhlacht Bhréanainn Teo.) Tagann deireadh leis an mbóithrín cois Scóraid tamaill roimh an loch, agus tá an bealach cois locha sách garbh. Ach bhí an Scóraid íseal, agus bhí mé in ann an abhann a thrasnú faoi bhun an easa.
Bhí mé breá sásta an carrchlós ag barr a bhaint amach, thart ar ceithre uair a chloig ó thosaigh mé amach. Bhí sé ag stealladh báistí faoi seo; bhí an dearg ádh liom síob thar nais go dtí an Daingean a fháil. Fear a rinne aistear Mhaidhc Dainín droim ar ais - as Chicago go Corca Dhuibhne - a thug an síob dom. Bhíodh sé ag obair ar an dtógáil - agus ag oiliúint leaids óga mar chuid dá iarratas ar cead cónaithe abhus. Tá an Bád bán tugtha orthu féin acu siúd anois, agus eisean gan obair anseo.