04 June 2011

Lidl abú!


Ceann de na rudaí a chronaím ó mo thréimhse sa Ghearmáin ná buillin beaga úra don bricfeasta. Is fíor go bhfuil rudaí feabhsaithe agus earraí Cuisine de France ar fáil go fairsing. Tá siad ar fáil freisin le tabhairt abhaile chun iad a chríochnú san oigheann baile, an úsáideach don Domhnach. Ach is arán geal ar fad atá i gceist, nó anois is arís arán cineál donn. Ach anois tá Lidl ag cur bácúis lena gcuid siopaí, agus réimse leathan arán - arán seagal ina measc - ar fáil. Blasta!

9 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

agus Aldi!

ormondo said...

Sea, is deacair na "frischen Brötchen" a shárú!

Mise Áine said...

Tá bácús Lidl oscailte i mBun Crannacha le mí nó dhó, agus tá an Pumpkin Bread a dhéanann siad go hálainn!

Mo chuimhne, a Aonghuis, ní féidir liom trácht a fhágáil ar mo bhlag féin fós, ná ar aon bhlag eile, feictear dom, ach ar an gceann seo - fiú le anonymous ceadaithe agam!

aonghus said...

@Réaltán tarlaíonn sé nach bhfuil Aldi ar bith cóngarach dúinn, mar sin is beag taithí agam orthu.

@Áine níl thuigim sin! Ach aisteach go leor, pé rud atá ag tarlú is do sheoladh r-phost seachas ceann blogger a bhíonn ar na fógraí gur fhág tú trácht. Tá mo bhlag ann le fada; tharlódh é bheith éagsúl dá bharr.

Mise Áine said...

Réiteach faighte agam ar an bhfadhb anois, a chara.

Néidí said...

Níl tú dáiríre, an bhfuil?

aonghus said...

Mise? Lán dáiríre.

Néidí said...

Beidh orm blagmhír a scríobh air seo. Tá tú ag teacht salach ar gach luach atá agam maidir le siopadóireacht.

aonghus said...

Jeder soll nach seiner Façon einkaufen mar (nár) dúirt Feardorcha II.

Ní lia duine ná tuairim. Ach is maith an t-ábhar c[a|á]inte é