Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-06-25

Lá eile an Paoraigh

Fear ildánach is ea Annraoi de Paor. Bhí sé i measc na léachtóirí agam ar an Ollscoil, ina Ollamh le Innealtóireacht Leictreonach - é ag iarraidh teoiric an rialaithe a theagasc dúinn. Fear ana chiúin a bhí ann, ach ba léir an máistreacht a bhí aige ar an ábhar, agus chuaigh sé i bhfeidhm orainn. Mheall sé gan stró scoth na mic léinn chun tabhairt faoi na tograí a bhí aige don céim. Agus níorbh aon tograí gan dealramh iad - an uair úd nuair nach raibh mórán cainte fós ar bithleighis bhí sé ag cur a chumas chun fónamh do othair san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin. Ní raibh mise i measc scoth na mic léinn (toisc nár fhoghlaim mé conas obair cheart a dhéanamh go dtí níos déanaí) mar sin ní raibh aithne ró dhomhain agam ar an Ollamh Uasal seo. B'eol dom acmhainn grinn a bheith ann - bhaineadh sé feidhm as an leagan Béarla dá ainm agus é i Stanford i SAM, agus bhíodh scéilín grinn aige faoi 'the corridors of Power' a bheith aige thall. Tá aithne beagán níos fearr curtha agam air ag imeachtaí an Rotha.

Bhí spéis agam san úrscéal seo mar sin, nuair a fuair mé deis é a léamh. Úrscéal osréalach faoi Ollamh Ollscoile atá ciaptha ag mic léinn gan chumas. Faigheann sé faoiseamh san rith. Ach tar casadh in ndiaidh casadh san scéal nuair a bhronntar teoiricí doimhne mata air ag guth ina chloigeann - An Maitríseach Mire. (Chuir na maitrísí chéanna ar mire mise minic go leor).

Bhain mé sult as na corranna agus castaí sa scéal - an saol acadúil i scáthán riastradh, áiféiseach ach fós so-aitheanta. Níl fhios agam an mbeadh an pléisiúir céanna le baint as acu siúd nach bhfuil an mata agus an innealtóireacht ina leannáin acu.

Buan ar Buairt
Annraoi de Paor
Coiscéim 1985