Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-06-11

Mundtot

Ciallaíonn an nath Gearmáinise "jemanden Mundtot machen" gobán a chuir i mbéal duine; é a chuir ina thost. Focal ar fhocail, ciallaíonn sé "béal marbh"1. Feictear dom go bhfuil sé ag éirí níos coitianta lipéid a ghreamú le duine anois a fhágann gan cead cainte é - do sciar den phobal ar a laghad. I gcás David Norris, d'fhág ráitis dá chuid go rabhthas in ann an lipéid 'péidifileach' a ghreamú de. Ní hé go gcreideann daoine gurbh péidifileach é: ach creidtear nach bhfuil sé ceartchreidmheach go leor ag damnú péidifiligh. I gcásanna daoine eile is 'ciníoch' nó 'homafóibe' an lipéid a chaitear leo. Fágann cultúr na gceannlínte agus na fuaimghreimeanna ina mhaireann muid go bhfuil sé geal le dodhéanta smaointe casta a chuir i láthair an phobail: ach go háirithe smaointe a cheistíonn an comhdhearcadh ceartchreidmheach. Dúirt Churchill tráth nach raibh a leithéid de rud ann agus tuairim an phobail (public opinion); nach raibh ann ach tuairimí a foilsíodh (published opinion). Ainneoin go bhfuil níos mó tuairimí ná riamh á fhoilsiú, feictear dom nach bhfuil tuairimí á mhalartú mar is ceart - go bhfuilimid ag scaipeadh inár dtreibheanna, gach dream lena drongdhearchadh féin agus a chuid lipéid chun dearcanna eile a chuir ó dhoras - lucht a labhartha a bhalbhú.  Agus feictear dom go bhfuil sé sin thar a bheith baolach dúinn mar náisiúin, mar stáit, mar chine go deimhin. Tá an sluasmaoineamh baolach. Caithfear éisteacht leis an duine ar an imeall - mar níl iomlán na fírinne riamh ag aon neach nó dream daonna. Is gá, gan amhras, teacht ar chinneadh, agus ní féidir le díospóireacht bheith gan críoch. Ach tá rud éigin leanbaí faoi diúltú éisteach le duine cionn is nach gcloíonn sé leis an cheartchreideamh reatha. Agus tá sé baolach nuair a chromann conairt ar a bheith ag scairteadh "Ná héist leis siúd, is [do rogha lipéid anseo] é"

Caithfear éisteacht!

Maidir leis an seanadóir groí; ní chuirfidh sé aon ionadh ar léitheoirí an bhlag seo nach bhfuil mise ar aon fhocal leis maidir le cúrsaí collaíochta. Is feachtasóir paiseanta é; agus tá rudaí ráite aige thar na blianta a bhí bladhmannach agus maslach. Mar sin féin, is den chúirtéis é éisteacht chóir a thabhairt dó. Agus a chuid tuairimí a phlé, seachas scéil scéil orthu. Tá sé i gceist agam sin a dhéanamh amach anseo. Cuid acu ar aon nós.

Agus tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar an bplé san toghchán uachtaránachta. Ach nílim ró dhóchasach. Tá an glam 'robach' ardaithe, agus conairt an aineolais scaoilte ón iall.

1 Nóta do lucht focalbhá: ní an béal foinse an fhocail seo ó cheart, ach focal eile atá imithe as an gcaint mar focal leis féin - Munt - ach atá fós ann san focal Vormund - caomhnóir agus focail gaolta leis. Sé sin, an cumas seasamh duit féin sa chomhluadar.