Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-01-13

Oideachas agus Oiliúint an Ríomhchláraitheora

Is é an ríomhchlárú mo ghairm le breis agus scór bliain anois. Chuir alt Roseanne Smith ag machnamh mé ag cúrsaí oideachais don gairm. Is de thaisme a rinneadh ríomhchláraitheoir díom. Níorbh geocach ríomhairí riamh mé, i ndáiríre. Is fíor go raibh ZX Spectrum agam agus mé sna déaga; scríobh mé líon beag cláir i mBASIC dó sin, agus do ranganna ar scoil - ar Commodore 64 más buan mo chuimhne.   Más fíor a ndúirt Dijkstra, bhíos ag cur mo ghairm i mbaol leis sin - bhí sé den tuairim gur lobhadh aigne an toradh ar BASIC a úsáid.
Le hinnealtóireacht leictreonach a chuaigh mé ar an Ollscoil. Ní de bharr grá ná spéis ar leith a bheith agam ann - is amhlaidh go raibh mise ag fágáil na scoile ag deireadh na 1980í, ré sách duairc ó thaobh na heacnamaíochta abhus. Bhí táillí le n-íoc don Ollscoil agus roghnaigh mé cúrsa go pragmatach, a shíl mé go mbeadh post ag a deireadh, cé go ndearna mé talamh slán de gur thar sáile a bheadh an post céanna, mar a bhí. Domsa, agus do mo rang iomlán, geall leis.
Bhí, gan amhras, ranganna in "ríomheolaíocht" mar chuid den chúrsa. Ach, más buan mo chuimhne, is oiliúint bunúsach i FORTRAN77 a bhí i gceist seachas oideachas i bprionsabail, teoiricí agus modhanna. (Teanga eile nach raibh meas ag Dijkstra air, dála an scéil).
Ní go ró mhaith a chruthaigh mé san Ollscoil; ní raibh deacracht agam le hobair scoile san Meánscoil, agus mar sin níor fhoghlaim mé conas foghlaim. Scil atá de dhíth san Ollscoil. Ach tháinig mé tríd.
Bhí post samhraidh agam bliain amháin le comhlucht gáis sa Ghearmáin; bhí ríomhaire san saotharlann chun an trealamh a rialú. Fuair mé amach go raibh leagan bunúsach BASIC air,  agus lá amháin nuair a bhí leadrán orm scríobh mé clár bheag chun dul in áit an ghnáth cláir. Tharraing an clár pictiúr de firín bhig ar an scáileáin, agus dúirt nach raibh fonn oibre air cionn is go raibh tinnis cinn aige. Cheap mo chomhghleacaí go raibh sé greannmhar ceart go leor, ach ní raibh an saoiste ró shásta agus cuireadh cosc orm baint leis an ríomhaire arís! B'shin a ghaire agus a tháinig mé riamh le bheith i mo bhradaí
Ar ais ar an Ollscoil, bhí mo thogra céime bainteach go hindíreach le ríomhairí sa mhéid agus go raibh orm ionsamhlú a scríobh mar chuid de. I FORTRAN ar VAX na hOllscoile a bhí an cúpla céad líne scríofa;  bhain mé feidhm as BASIC ar PC chun na torthaí a léiriú. 
Is tearc mar sin a bhí mo chuid taithí ar ríomhairí agus ríomhchlárú nuair a fuair mé post le AEG sa Ghearmáin. Sílim gurbh é mo chuid líofacht sa Ghearmáinis seachas rud ar bith a eile ba chúis liomsa an post a fháil seachas duine eile. Bhí an t-ádh liom gurbh san rannóg forbartha, le foireann tallannach, a leandáil mé - ba san díolaíocht a bhí an cuid is mó de na poist, mar go raibh Béarlóirí de dhíth orthu. Níl cumas taidhleoireachta ar bith agam ó nádúr agus is fíor drochdhíoltóir mé!
Trealamh chun rialú a dhéanamh ar mótar leictreach i traenacha a bhí á fhorbairt againn. Ba ar 8086 san ríomhtheanga PL/M a bhí muid ag obair. Ar ball bhí 8088 in úsáid againn, agus ansin 80C166. Ag an bpointe sin d'iompaigh muid ar C. Ó shin i leith tá obair déanta agam ar sliseanna fearacht an Motorola 56000 agus an ERC32. Agus i réimse teangacha - díolaim do sliseanna éagsúla, C, Ada agus teangacha éagsúla scriopta - Bash, Perl, Python, Tcl, ...
San togra atá idir lámha agam faoi láthair, is ríomhaire tionsclaíoch leis an gcóras oibriúcháin Linux atá i gceist, agus is i cumasc de C, Perl agus Bash táim ag obair. Bheadh an táirge níos cuanna - agus dá bhrí sin níos fearr - dá mbeadh taithí agam ar SQL agus bunachair sonraí; ach ní raibh deis agam é fhoghlaim in am. Tá comhghleacaí liom ar obair ar codanna eile den táirge agus é ag baint feidhm as Python, XML agus HTML. 
Níl san réimse teangacha agus ríomhairí seo ach cuid den scéal. Is é an gnáth íomhá den ríomhchláraitheoirí ná geocach mílítheach cromtha thar a ríomhaire ag códú leis go huaigneach. Tá an íomhá sin bun os cionn le mo thaithí. Fiú na leathdéithe cáiliúla ríomhaireachta fearacht Richard Stallman, Larry Wall Linus Torvalds féin, cé go ndearna siad códú (i seomra dorcha fiú, is dócha) is ar a gcumas mar thaoisigh chun obair meitheal a spreagadh atá a gclú bunaithe.
Cumarsáid atá sa ríomhchlárú. Cumarsáid leis an ríomhaire, cinnte, agus is cumarsáid é sin a éilíonn meoin ar leith. Ní féidir le ríomhaire léamh idir na bearnaí mar a dhéanann duine. Leanfaidh an ríomhaire an clár, céim ar mion chéim, cuma cad atá ann. Ní mór, mar sin, don ríomhchláraitheoir a bheith in ann an tasc a bhriseadh síos ina mhion-céimeanna. Agus na mion-chéimeanna sin a aistriú go cód cruinn beacht. Ach léitear cód i bhfad níos minice ná mar a scríobhtar é. Mar sin, is gá don cód a bheith soléite ag ríomhchláraitheoirí eile (nó an ríomhchláraitheoir féin tar éis achar ama!). Ní leor go n-oibríonn sé ar an ríomhaire.
Ach, arís, níl ansan ach cuid den scéal. Caithfidh an ríomhchláraitheoir an tasc a thuiscint. Chuige sin, ní mór dó cumarsáid a dhéanamh le daoine nach bhfuil an meoin acu a ligeann dóibh an tasc a léiriú ar bhealach a bheadh indéanta le ríomhaire. Is minic freisin nach dtuigeann na húsáideoirí cad atá uathu go dtí go bhfuil an chéad leagan ar fáil - agus ansin feiceann siad go hiondúil na rudaí ar fad nach mian leo bheith acu!

Seachas mianach mhatamaiticiúil, is é an acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sár-mháistreacht ar a theanga dhúchais.
Dijkstra

Réamhrá mós fada ansin, agus is eagal liom go mbeidh an téis sách gairid. "Oideachas agus Oiliúint an Ríomhchláraitheora" an t-ábhar a bhí fúm a phlé; spreagtha ag alt faoi forbairt cluichí agus an easpa foirne atá ar fáil. Easpa atá coiteann - léigh mé inniu go bhfuiltear ag oscailt meánscoil d'ábhar ríomhchláraitheoirí i Nua Eabhrac.
Sílim go bhfuil léirithe agam thuas gur cumas foghlama agus cumarsáide atá de dhíth ar ríomhchláraitheoirí. Is mór an gar an idirlíon sa chás sin, tá sé breac le huraiceachtanna agus eolas an modhanna, gnáis agus - eolas riachtanach - béaloideas na ceirde.  Seod sa réimse sin is ea, mar shampla, Dán an Ríomhchlárú Unix.
Ach tá gá le bunús sular féidir tairbhe a bhaint as an saibhreas seo.
Bunús sa mhata - féach go bhfuil cluichí ríomhaire bunaithe ar ceathairníona, mar shampla. Gan trácht ar an mata thar a bheith forbartha a bhíonn de dhíth ag leithéidí Havok. Agus is céim ar chéim a fhoghlaimítear Mata.
Bunús sna bun-choincheap a bhaineann le ríomhchlárú. Tá sé baolach oiliúint a chuir ar fáil i ríomhtheanga áirithe - tá lochtanna orthu ar fad ar féidir leo modhanna maithe a dhéanamh ró dheacair don tosaitheoir. Rud a d'fheadfadh bheith ina thrúig drochnós (féach aiste Dijkstra thuas, chuige sin is mó a bhí sé. Féach freisin an aiste seo uaidh, Múineadh Ríomhchlárú, i. múineadh conas machnamh). Táim féin tógtha le Scratch. Bhíos sásta a chlos go raibh sé in úsáid ag rang mo mhic san Idirbhliain; ach is cosúil nach ndearna siad dada leis nach raibh déanta agamsa leo blianta ó shin. Tá dúshlán ar leith roimh leanaí na linne seo - tá ríomhairí d'aird chaighdeán thart timpeall orthu gach áit, sna fóin pócaí fiú amháin. Ach tá sé rí dheacair aon chlárú a dhéanamh orthu a thagann i ngiorracht scread asail do na feidhmchláir orthu cheana féin. Is beag sásamh dá réir atá le baint as iarrachtaí ríomhchláraithe, murab ionann agus leithéidí an scéilín a reic mé thuas faoin ríomhaire le tinneas cinn!
Tá gnéithe eile ann ar mithid iad a fhoghlaim go luath.
  • Cumarsáid - go háirithe cumas éisteachta, agus cumas rud a mhíniú go simplí.
  • Obair foirne.
  • Bainistiú ama agus tascanna.
Seachas san idirbhliain, agus i leithéidí Taispeántas na nEolaithe Óga, tá amhras orm go bhfuil ár gcóras oideachas ag freastal ar na riachtanais seo. Agus a chonách sin orainn - tá easpa innealtóirí agus ríomhchláraitheoirí orainn.

Agus sin mo racht go n-uige seo. Is fada uainn fós cur i gcrích na ríobhlóide!