Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-12-11

Gmail as Gaeilge

Thug mé aghaidh tráthnóna ar cheannáras Google i mBaile Átha Cliath. Bhí cuireadh faighte agam chuig ócáid seolta táirge as Gaeilge - cé nach raibh an táirge luaite. Ach ar maidin ar Twitter scaoileadh an rún agus bhí fhios agam go raibh Gmail as Gaeilge le seoladh - rud a thug deis dom triail a bhaint as roimh an ócáid seolta (níl an leagan d'fhón glic ar fáil fós)
Bhí sluaite ag bailiú isteach san Teilgcheárta, ionad Google do ócáidí dá leithéid agus mé ag teacht isteach, dornán ranganna scoile ina measc. Bhuail mé le cuid mhór daoine a mbím i dteagmháil leo ar Twitter - cuid acu nár bhuail mé leo san fíor saol roimhe.
Treoraíodh gach duine isteach i halla breá mór (bhí an rud fíor eagraithe, níor scaoileadh isteach ach daoine a bhí ar an liosta, lipéid ar gach aoinne acu agus Googlers cairdiúla ag coinneáil súil ghéar ar
rudaí!)
Bhí smacht ag lucht Google ar chúrsaí, agus cuid dá gcliar ag caint i míreanna éagsúla, an teachtaireacht corparáideach follasach faoin snas. Dream mós gairmiúil, fiú má thugann siad "Oibríochtaí Daoine" ar an rannóg pearsanra! B'é a gceannaire siúd Helen Tynan a chuir tús le himeachtaí, ag caint faoin misean atá ag Google. Tháinig cúpla cainteoir eile ón gcomhlacht ina diaidh, ina measc fear spéisiúil ón Iorua, Svein a bhí ag caint faoin chaoi go bhfuil logánú níos fairsinge na aistriú. Thug sé sampla den nath úd ar leathanach cuardaigh Google - "Tá an tÁdh orm inniu". I measc na roghanna a bhí á phlé acu don mBurmais bhí "Titeann sicín caoch i mbabhla rís" - sa deireadh shocraigh siad ar macasamhail Abracedabra. Ach an rud a bhí sé ag maíomh gur gá bhí greannmhar éadromchroíoch - ach go mbraitheann sin ar an gcultúr atá i gceist. Labhair duine de na haistritheoirí ar an ndúshlán a a bhain a bheith le "Labhairt Google" freisin. Ar an ndrochuair ní raibh an té a spreag an togra in inmhe bheith i láthair go pearsanta. Bhí ar an tOllamh Kevin Scannell plé le scrúdaithe - ach sheol sé teachtaireacht físe. Bhí nasc físe freisin le Pobalscoil Ghaoth Dobhair, a raibh lámh ag an múinteoir ríomhaireachta ann san togra. (Monuar tá a ainm imithe uaim - ach shíl mé ach a dtáinig sé ar an scáileán go raibh Unix Hacker den sean déanamh acu ann!)
Ar an drochuair de bharr na doininne, cé go raibh an fís measartha maith bhí an fhuaim go hainnis agus is beag den méid a dúirt siad a chuala muid. Ach thaitin sé go mór liom go raibh dream ón nGaeltacht tugtha isteach i lár an aonaigh - go minic shílfeá gur beag nasc idir na Gaeil ar líne agus muintir na Gaeltachta. 
B'é Hector a rinne an seoladh, agus cé gur meas leibide atá agam féin air, caithfidh mé a admháil go ndearna sé a ghnó go paiteanta, ag spreagadh aisfhreagra ón slua agus ag fáil an buaileadh bos agus an liú ag an pointe cheart.
Bhí tráth na gciest beag teanga agus teicneolaíochta ann freisin, agus ansin tugadh aitheantas don méid de na haistritheoirí a bhí i láthair.

Is obair ar leith aistriú i dtogra ríomhaireachta, ag obair le focail leo féin, gan an comhthéacs i gcónaí soiléir, stíl an táirge le cuir san áireamh, srianta dochta leithéid; tá éacht déanta ag na saorálaithe anseo, obair bhreá snasta a léiríonn an buntáiste atá ag baint le foireann dlúth, ainneoin iad a bheith scaipthe idir Baile Átha Cliath, Gaoth Dobhair agus áiteanna éagsúla sna Stáit Aontaithe.

 Tá buíochas dlite dóibh - an buíochas is fearr ná feidhm a bhaint as toradh a saothar! Gaeiligí bhur Google!