24 July 2015

Cruach Mhárthain agus ar aghaidh

Radharc ar na Blascaod
Radharc ón gCruach(1)
Radharc ón gCruach(2)
Radharc ón gCruach (ó thuaidh)
Radharc ón gCruach (siar)
Bhí sé gaofar!
Slí na Faille
Béal Bán
Sráidbhaile Iníon an Rianaigh
Anraith maith anseo, chomh maith le leann

Thug mé cuairt ar Daithí de Mórdha agus Ionad an Bhlascaod agus mé thiar. D'fhág mo bhean ann mé, ach bhí orm mo bhealach féin a dhéanamh ar ais go dtí an Baile Breac. Bhí fonn láidir orm freisin Cruach Márthain a dhreapadh - go deimhin bhí roinnt taighde déanta roimh ré agam, ar Google Maps ina measc. Fuair mé comhairle ó Dháithí agus thug aghaidh ar an gcnoc. Suas an bhóthar ón Ionad, trasna an bhóthair agus giota ar Slí Chorca Dhuibhne thar an mBrú. 

Lean mé orm ar an mbóthar in aghaidh an chnoc gur déanadh bóithrín de. Bhí geata le trasnú ach lean an bóithrín air ag dreapadh agus ag éirí níos gairbhe. Thart ar leath bhealach suas tháinig mé - mar a bhí fógartha ag Dáithí - ar iarsmaí an tsráidbhaile a tógadh don scannán Ryan's Daughter. Dhá bhóithrín duirleoige an méid atá fágtha agus iarsmaí bunsraith roinnt tithe, athghafa ag an mbogach. 

D'fhág mé an cosán ansin agus thosaigh ag dreapadh na cruaiche. Bhí an dreapadh tríd fraoch agus bogach géar go leor, ach bhain mé an barr amach gan aon ró dhua. Faraor d'iompaigh an aimsir agus is beag taitneamh a bhí mé in ann baint as an radharc; radharc iontach, ó dheas uaim na Blascaod, soir uaim Fionn Trá, siar uaim Trá an Chlochar, ó thuaidh an Buailtín agus Ard na Caithne, agus Bréanann ar íor na spéire.

Thiomáin an ghaoth anuas den mullach mé, agus lean mé claí ó thuaidh a bhí ar droim an chnoic, ag titim go réidh comhthreomhar leis an mbóthar go dtí an Buailtín.

Anois is arís bhí claí sreinge le trasnú, ach ní raibh aon bac dosháraithe ann. Bhí mé le teacht amach ar an cúlbhóthar píosa taobh thiar den Eaglais sa Bhuailtín, ach bhí láracha agus a searraigh sa ghort deiridh a bhí le trasnú agam, mar sin sheachain mé iad agus dhreap anuas tríd gort sách crochta, agus thar claí a bhí ard ar thaobh an bhóthar, beagnach díreach taobh thiar den sáipéal. 

Is mór an trua nach bhfuil cosán ceart leagtha amach, agus dreapa sna háiteanna cuí, mar is siúlóid thar a bheith taitneamhach atá ann.

Bhí ocras orm agus cé go raibh roinnt ceapairí agam i mo thiachóg shocraigh mé babhla anraith a cheannach. Bhí fonn orm cuairt a thabhairt ar an gcaifé Altú arís ach ní raibh aon anraithe fágtha. Thug mé aghaidh ar Tigh an tSaorsaigh, áit a raibh anraith glasraí deas romham, le meacan bána tríd a thug blas ar leith dó.

Thug mé sciuird go dtí Tigh Bhric sa Riasc lena gcuid pórtar a thriail. Tá sé blasta! Ar aghaidh liom ansin gur lean arís Slí Corca Dhuibhne trasna trá Béal Bán agus ar aghaidh go Baile na nGall.
Shiúil mé ar Slí na Faille go dtí an Ghlaise Beag.

Fén am seo bhí mé bréan den siúl (bheadh uair a chloig eile ar bhóithre i gceist chun an Baile Breac a bhaint amach), agus shocraigh mé triail a bhaint as an ordóg. D'éirigh liom, agus fuaireas síob ó bheirt ban óg ón nGearmáin a bhí ag cuir futhú i Teach Tábhairne an Bhreathnaigh An Bóthar.
Bhíos fíor bhuíoch den síob chomh fada le bun an bhóthair sa bhaile breac, mar bhíos traochta agus bhí sé ag ceobhrán!

Ceantar breá is ea Corca Dhuibhne don siúlóir, ach is trua go bhfuil an oiread de na siúlóidí marcáilte ar na bóithre, bóithre atá plódaithe le carranna turasóirí minic go leor. Ach tá an obair déanta ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag leagan amach na cosáin céanna.

No comments: