27 April 2016

Rún m'Athar

De thaisme a fuair mé an leabhar seo ó na 1960í. Bhí mé sa leabharlann le déanaí. Tá fhios ag an leabharlannaí go bhfuilim tugtha do leabhair i nGaeilge agus bhí an ceann seo i measc na leabhair a raibh siad ag fáil réidh leo. Tá spéis agam i Cathal Ó Sándair, ach is annamh teacht ar leabhar leis.

Scéinséir spéisiúil atá anseo. Buachaill óg, aonmhac lánúin saibhir an reacaire. Cuireann namhad lena athair- fostaí a briseadh de bharr mí ionracas- ina luí air nach mac a mhuintir in aon chor é.

Tá dóthain dealraimh leis an scéal go dtéann sé sa tóir ar a 'fhíor theaghlach'.

Tá cúpla corr is casadh san scéal sula dtagann réiteach air. Tá blas sách láidir a ré air, agus aicmeachas láidir; ach mheas mé gur thug sé léiriú firinneach ar an streachailt i meon an linbh uchtaithe a shantaíonn caidreamh lena ghaolta fola ach a bhfuil grá freisin aige don teaghlach a thóg é.

Níl fhios agam a bhfaigheadh déagóirí na linne blas air, ach shamhlóinn gur shlog siad tráth a fhoilsithe é.

13 April 2016

Dé Luain

Tá saothar seo Uí Thuairisc ag stánadh anuas ó leabhragán mo thuismitheoirí le fada orm. Cuid den canóin nach raibh mé tagtha chomh fada leis fós. I mbliana bhraith mé níos treise ná riamh nár cheart é chuir ar an méar fhada níos mó.

Tá mé sásta áfach gur fhan mé - de bharr cláir áirithe ar TG4 agus leabhair eile atá léite le tamall agam tá tuiscint níos fearr ar stair 1916 agam. Tuiscint atá riachtanach le adhmaid a bhaint as an saothar.

Sruth smaointe go leor dóibh siúd a raibh lámh acu san Éirí amach, idir mór phearsain agus mionphearsain, idir Gael is Gall atá ann. Lingeann an insint idir phearsain ó alt go halt, cé go bhfuil sciar suntasach ag baint le cíor thuathail aigne an Phiarsaigh agus an crú ar an táirne faoi dheireadh.

Níl ach scéal céad lae an Éirí Amach ann, fágtar na snáithe ar foluain.

Cíoradh spéisiúil ar mheoin na gceannairí agus a gcéilí comhraic atá ann, idir iadsan i gCaisleán Bhaile Cliath agus iadsan sa ghluaiseacht a bhí i gcoinne Éirí Amach.

Mothaím gur chuir an úrscéal go mór le mo thuiscint ar fíricí loma an Éirí Amach. Tá tábhacht le mothúcháin agus smaointe chomh maith le fíricí is figiúirí le greim a fháil ar an stair.

Is maith mar sin, go bhfuil an leabhar ar fáil ó Cló Iar Chonnacht

Seachtar Dearmadta

Tá go leor trácht ar Éirí Amach 1916, mar is dual. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-tógtha leis an gclúdach atá ag TG4 ar an stair ina gcuid scannáin faisnéise. De bhrí go bhfuil bosca glic agam tig liom na cláir a thaifid agus faire orthu ag am a oireann domsa (mochóirí de'm ainneoin mé agus ní réitíonn 21:30 mar tús am dom de ghnáth!).

Bhí codanna de Seachtar na Cásca feicthe roimhe seo agam ach táim ag faire ar na cláir san dá sraith go córasach faoi láthair. Bhí an leabhar "Seachtar na Cásca" agam cheana, agus chuir mé fios ar "Seachtar Dearmadta" mar chuid den gcnuasach a bhronn Foras na Gaeilge orm.

Ní dearmadta a bhí an Seachtar agamsa - ní dóigh liom go raibh puinn eolas agam orthu seachas gurbh "Í Dálaigh" atá ar stáisiún Iarnróid Bhré.

D'fhoghlaim mé go leor ó na cláir mar sin, agus breis ón dtaighde le hAindrias Ó Cathasaigh atá sna leabhair a ghabhann leo. Cuireann sé go mór le mo thuiscint ar an ré; fearacht go leor is dócha go raibh scáil miotais an Phiarsaigh - agus go pointe an Conghalaigh - ag ceilt na fir eile a bhí lárnach orm.

Mionrud faoi na leabhair a bhraith mé bheith aisteach - grianghraif den aisteoir sa pháirt atá ag tús gach caibidil, seachas grianghraif den duine féin.

Go deimhin, bhraith mé go gcuirfí leis an mioneolas scríofa ach breis pictúir a bheith ann.

Ach ní bheadh drogall ar bith orm na leabhair a mholadh, saothar fiúntach, lán eolais agus soléite.

1916 Seachtar Dearmadta
Aindrias Ó Cathasaigh
Coiscéim 2013
ISBN 6-660012-130597

1916 Seachtar na Cásca
Aindrias Ó Cathasaigh
Coiscéim / Abú Media 2010

Tá DVD ar fáil freisin don tsraith Seachtar na Cásca


04 April 2016

Fís fileata na Fuiseoige

Mar chuid de féile scannáin Audi Bhaile Átha Cliath a taispeánadh scannán dinnseanchais fileata Aoidh Uí Choileáin san Lighthouse i Margadh na Feirme. Ainneoin amhras Aoidh, a dúirt le Paddy Bushe go bhfuil an fhilíocht chomh hiargúlta leis an Sceilg, agus filíocht na Gaeilge ina chloch faoi toinn amach uaidh, agus Paddy féin ina bhairneach ar an gcloch, agus mar sin nárbh gá bheith buartha faoi thicéid a chuir in áirithint, bhí an teach lán. Go deimhin, cuireadh daoine ó dhoras. Rompu siúd a fuair bheith istigh leagadh féasta físe agus filíochta. Rianaíodh gaol na Gaeil lena bhfearann tríd filíocht ó Amhrán Amergin go Bablóin Ghearóid Mhic Lochlainn. Tugadh cead cainte do ollamh nó dhó- Declan Kiberd agus Máirín Nic Dhonncha ach ar an mórgóir siad guthanna na filí a bhí le clos. Ina measc Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Paddy Bushe, Louis de Paor agus Cathal Ó Searcaigh, Jackie Mac Dhonncha. Iad ar fad ag reic dánta dúinn a bhí fréamhaithe san áit a bhíodar á léamh, agus deis acu breis a chuir lenár eolas. Labhair daoine nach bhfuil cáil filí orthu freisin faoina log féin- Seosamh Ó Cuaig abair ag rianú a seacht sinsear, de shliocht airm Chromail más fíor, ach sliocht Watt Cooke anois le fréamhacha doimhne in ithir Chonamara. Agus na pictiúir ag treisiú a gcaint.

Ní hamháin na tírdhreacha sceirdiúla a bheadh ar cártaí poist, ach grinn staidéir ar an talamh is uisce le cuidiú ochtacoptar. Ní tírdhreacha folmha amháin, ach staidéar muirneach ag aghaidheanna an phobail sean agus nua, a mhúnlaíonn Éire agus a ainmníonn í.

Ó Mhám Chonrach go díonta bóthar na bhFál, tugadh a ceart do fairsinge Éirinn.

M'anam ach go bhfuil beatha fónta le baint as bairnigh. 

Beidh an clár le feiceáil amach anseo ar TG4