Íomhá ón gnáthfhoinse: le Cactus26 |
Mheabhraigh an meafar a úsáid Néidí ar na mallaibh dom an taithí a bhí agam thart ar fiche bliain ó shin nuair a rinne mé cúrsa seachtaine ar oighearshruth leis an DAV. Chaith mé seachtain le thart ar scór duine eile, ag foghlaim conas bogadh go sábháilte ar an oighear. Bhíomar san Ötztal, ag cuir fúinn san Brandenburger Haus.
Tháinig muid le chéile sa ghleann agus shiúl suas go dtí imeall an oighearshruth. Ansin ceanglaíodh le chéile muid le rópa. Duine de na oiliúnóirí chun tosaigh, duine ag an deireadh, muide sa lár. B'é tasc an chéad duine creabháis a lorg faoin sneachta. Ainneoin sin, níorbh fhada gur shleamhnaigh mise go coim in oighearscoilt. Fágadh ansin mé, mo mhála droma i bhfostú ar thaobh an scoilt, agus mise ag crochadh as, folús na céadta méadar ar dhoimhneacht fúm. Bhíos thar a bheith buíoch den téad, deirim libh! Níorbh fhada go rabhas fuascailte ag an meitheal.
Rinne muid scileanna éagsúla a chleachtadh le linn na seachtaine; ach lá amháin bhí ceo trom ann agus bheartaigh na teagascóirí ar léiriú dúinn conas compás a úsáid i gceart sa cheo. Níl aon sainchomhartha tíre le feiceáil sa cheo, gan amhras - go háirithe agus an oighear bán ag cuir leis an mearbhall. Mar sin féin, ní mór don gcéad duine ar an meitheal téide bheith ar a airdeall d'oighearscoilt. An duine deiridh atá freagrach as an gcompás agus an treo. Agus úsáidtear an meitheal féin, scaipthe ina líne díreach amach ón duine deiridh, mar áis chabhrach.
Ana thaithí a bhí ann; ach níor fhill mé ar an oighear ó shin. I bhfad an iomarca trealaimh i gceist, agus níor bhraith mé ar mo shuaimhneas leis na crampóin ná le tua oighre.