Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-06-08

Ionad Cois Locha

Bhí muid i nDún na nGall don Gaelchonaí. Ós rud é gur chaith muid leath an lae ar bhus ag dul ann is beag fonn a bhí orm filleadh thar éis oíche amháin. Bhí lóistín socraithe agam i mBrú an Óige faoi bhun an Earagail mar sin.
Bhíos ag dréim leis go mbeadh an áit plódaithe, ach ní raibh. Ní fhaca muid ach cuairteoir amháin eile, fear ón Eilvéis a bhí ar chamchuairt ar rothar thart ar Éireann agus ansin an Íoslainn.
Bhí muid le taisteal ar ais ó Ghort a Choirce ar bhus a trí tráthnóna, rud a d'fhág maidir Luain le cur dínn againn agus siamsaíocht le lorg. Ach tá Ionad Cois Locha i bhfochair fiche nóiméid siúl ón mbrú. "Éist le Gaeilge agus labhair í." atá scríofa ar an suíomh - agus rinne muid!  (Tá Dún Lúiche i nGaeltacht Tír Chonaill)
Tá turas ar an loch ar fáil, ach ní raibh fonn ar na leanaí mar sin ní bhfuair muid ach ticéad don clós spraoi agus roinnt dearbháin do na himeachtaí a raibh costas breise ag dul leo.   Bhí an t-iomlán measartha saor - thart ar €8 don teaghlach isteach agus €1.50 an ceann ar na dearbháin. De bhrí go raibh muid ann ag a deich ar maidin agus iad ag oscailt, bhí na háiseanna fúinn féin againn go ceann i bhfad.

Chuir na páirtí tús leis an spraoi leis na liathróidí móra uisce inar fhéad siad dul isteach iontu. (Líontar le haer iad ach an duine a bheith istigh iontu) Cé go raibh dhá dhearbháin gearrtha orthu seo b'fhiú é de bharr an spóirt a bhain siad astu. Bhain siad sult freisin as na báid troitheáin - go deimhin chuaigh mise amach leo an dara huair. Bhí cúpla rud ann do mo mhac (atá fásta anois dáiríre) - túr dreapadóireachta mar shampla agus an tarbh fiáin sa phictiúr thíos.
Bhí sleamhnán ann dom iníon - ceann mór groí a líonadh le haer. Bhí an clós spraoi féin - a bhí saor ó chostas - go maith go háirithe i bhfianaise an ghnáth síon atá in Éirinn! Bhain m'iníon sult as na  ziplínte ach go háirithe. Bhí feirm bheag ann freisin le éanlaithe agus ainmhithe clóis agus taispeántas bheag de ainmhithe fiáine (iad seo marbh ach líonta). Bhí lón againn san ionad freisin a bhí blasta. Tríd is tríd bhí mé thar a bheith sásta gur aimsigh mé an ionad le linn mo chuid réamhphleanála! 
Agus bhí an toradh a bhí uaim ann - leanaí tuirseacha roimh an turas fhada (beagnach 5 n-uair a chloig) ar ais go Baile Átha Cliath.
(Is féidir na pictiúr a mhéadú ach gliogáil orthu)