Ó 2003 nó mar sin tá coicís gach bliain á chaitheamh againn in Iarthar Dhuibhneach. Sa Bhaile Breac a bíonn muid ag cuir fúinn. Tá áiteanna a thugann muid cuairt orthu gach bliain - ina measc an Uisceadán Mara Beo i mBaile an Daingin. Tá spéis caillte ag na buachaillí ann; ach is breá le'm iníon cuairt a thabhairt air (agus ar an siopa ann, ach sin scéal eile)
Tá gean agam féin air. Cé go mbím in ann Gaeilge a labhairt leis an fhoireann ann, is fíor gur beag Gaeilge atá san fhógraíocht laistigh is lasmuigh agus is trua sin
Tá dúshlán ar leith roimh áit mar é, mar go mbíonn a lán daoine ag filleadh bliain i ndiaidh bliana, agus bíonn gá mar sin le rudaí nua a chuir leis na taispeántas. I linn na blianta atá muid ag teacht, tá siorcanna agus piongainí curtha leis an mbun taispeántas, agus éisc ón Amasóin.
I mbliana (bhí muid ann cúpla seachtain ó shin ar chuaird gairid) tá seomra ar leith do pháistí ann; cuireadh seó puipéid oideachasúil faoi bhruscar san fharraige ar siúil; tá aghaidh dhathú ar fáil agus deis bolgáin ollmhóra sobail a dhéanamh.
Agus tá an taispeántas ar chlé ann; léiriú ar thimthriall an uisce. Nuair a chastar an roth buí sútar uisce suas (ag an ngrian, mar dhea) agus líontar na scamaill; titeann an t-uisce isteach san umar arís mar fhearthainn.
Tá gléasanna mar é ana mhaith, go háirithe nuair is féidir leis na daoine óga triail a bhaint as.
Tá ticéid bliana ceannaithe againn mar go mbeidh muid ann ar feadh seal beagnach gach lá nuair a théann muid siar arís ag deireadh na míosa seo chugainn - fágann sin go bhfaighidh muid luach ár gcuid airgid.
Tá ról eolaíochta agus tacaithe leis an iascaireacht ag an ionad freisin, agus is minic iad ag tarrtháil turtar ar strae, ag tabhairt dídean dóibh go dtí go mbíonn siad ar a seanléim arís.
Tríd is tríd, áit fiúntach agus siamsaíocht ann freisin.