Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-09-17

Comhar na ríomhchláraitheoirí!

Thosaigh mé post nua ar na mallaibh. Táim ag obair anois le teanga ríomhchláraithe - Java -  nach raibh an fíorbheagán eolais agam uirthi sular thosaigh mé sa phost. Mar sin féin, tá giota mór de ríomhchláir sách chasta scríofa agam - agus oibríonn sé!

Tá an ghairm seo a chleachtadh agam le breis agus scór bliain anois. Tá claochlú tagtha ar an ngairm ó thosaigh mé, ag foghlaim PL/M  ó comhghleacaithe agus leabhair. 

An idirlíon a chothaigh an claochlú seo agus a rinne é éasca do mo leithéidí dul chun cinn gasta a dhéanamh. Gan idirlíon, caolseans go mbeadh an forbairt a tháinig ar Gluaiseacht na bhFoinsí Oscailte tarlaithe.  Gluaiseacht a chuireann ar chumas ríomhchláraitheoirí uirlisí den scoth a chruthú dá chéile tríd comhoibriú.  Tá an píosa oibre atá idir lámha agam bunaithe ar thacaíocht a thabhairt don dífhabhtóir  GDB, ar cuid é den córas GCC. Is mór an gar go bhfuil teacht agam ar na foinsí, rud a éascaíonn mo chuid oibre ag tacú leis an uirlis.

Ach tá éachtaí eile ann - táim ag baint úsáide as timpeallacht comhtháite forbartha darbh ainm Eclipse. An rud atá i gceist le TCF ná ríomhchlár a úsáidim chun cód a scríobh. Ach tá eolas san ríomhchláir ar an dteanga, agus - rud atá ríthábhachtach i gcás Java - ar an méid atá scríofa cheana agam, agus fiú na leabharlanna atá ar fáil. "Leabharlann" - sin píosa cód atá scríofa cheana féin ar féidir feidhm a bhaint as. Tá na mílte acu ann i Java, fágann sin go dtig le ríomhchláraitheoir fearacht mise díriú ar an bhfadhb atá le réiteach agus glacadh le bunchlocha atá profa agus iontaofa cheana. Ceartaítear - fearacht litreoir - na botúin fánacha teanga agus úsáide agus mé ag clóscríobh. Moltar réitigh dom - na feidhmeanna agus sonraí atá ar fáil don cineál rud a bhfuil mé ag plé leis.

Sa mhullach ar sin, tá píosa eile ar féidir cuir le Eclipse - breiseáin - a chabhraíonn le, mar shampla, leagan amach coiteann ar an gcód don fhoireann ar fad a chuir i bhfeidhm, nó cód atá lochtach nó a d'fheadfadh a bheith lochtach a aimsiú. Tá dífhabhtóir cumhachtach ann freisin don gclár.

Le fiche bliain taithí, tá fhios agam an cineál ruda ba mhaith liom a dhéanamh. Ach níl na teilgean cuí i Java agam. Is leor ceist a chuir ar Ghoogle - "conas a déantar X i Java" - agus gach seans go mbeidh freagra ar fáil. Go hiondúil ar chlár plé StackOverflow. Cuireann an suíomh úd áit ar fáil do ríomhchláraitheoirí na cruinne chun fadhbanna a phlé. Fágann sin - ainneoin nach bhfuil ach cúpla comhghleacaí agam san oifig, agus gan ach duine acu atá sáite i Java le fada - go bhfuil ar mo chumas teacht ar réitigh cuanna, cruinne go gasta.

Is deacair dom anois smaoineamh siar ar conas a rinne muid ár gcuid oibre roimh theacht ann do na gléasanna agus áiseanna uilig seo. Comhar na ríomhchláraitheoirí!