Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-09-08

Ár nÚll laethúil tabhair dúinn inniu

Tá crann úll i ngairdín mo thuismitheoirí, agus bíonn ualach úlla air go hiondúil. Scaití bíonn siad faoi léigear ag bolb an choidlín. Is lú na húlla na úllaí siopa. Bhíodar searbh scaití.
Ach d'itheamar iad, rinne muid pióga as an méid nach raibh creimthe. Rinneamar iarracht bliain amháin subh a dhéanamh, ach is cosúla le mil úll a bhí an toradh. Bhí blas iontu.

Tá sé de nós agam úll in aghaidh an lae a ithe, laethanta oibre ach go háirithe.

Úlla siopa is mó. Is minic díomá orm. Uisciúil. Leamh. Nó bog brúite de bharr easpa cúram. Nó dromchla foirfe agus eithne lofa.

Ach le déanaí chonaic mo nuachar go raibh úlla ar fáil sa Siopa Polannach. (Tá muid ceanúil ar bhianna áirithe ó lár na hEorpa).

Cheannaigh sí slam acu. Táim fíor shásta leo! Úlla atá iontu dáiríre. Blas orthu. Cinnte, is dócha go dtáinig siad thar lear. Ach is annamh úlla na hÉireann ar fáil san ollmhargadh cibé. Agus ní annamh gan ach úlla ón Nua Shéalainn nó ón Meiriceá Theas ar fáil.

Beidh súil in airde agam.

Smailc!