Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-07-03

Athbheo

Tagairt ag Seán de Fréine don leabhar Athbheo le Tomás Ó Floinn a spreag mé chun fios a chur ar ón leabharlann. Bhí sé ag trácht san Timire ar na cnuasaigh filíochta ba thábhachtaí dar leis. Rinne Seán féin go leor den fhilíocht a chuir ar fáil dúinn sa chnuasach Croí Cine a cuireadh atheagrán de ar fáil i 2019.

An rud a chuir Tomás Ó Floinn roimhe ná rogha dánta ón tsean litríocht a chuir ar fáil nach raibh fáil orthu ach in aistriúchán Béarla agus na bunleaganacha Sean-Ghaeilge. Litríocht ón naoú aois go dtí an aonú aois déag. Litríocht a bhfuil dearcadh ar leith ar an ndúlra ann, dearcadh - mar atá pléite aige san réamhrá - atá éagsúil le pandiachas litríocht na Gréige agus na Róimhe, a raibh tionchar acu in iarthar na hEorpa.

Chomh maith leis na dánta dúlra agus séasúracha tá scéal amháin ó Saltair na Rann aige, scéal béaloidis ón am i ndiaidh d'Ádhamh agus Éabha bheith díbeartha as gairdín parthas - ina maítear go bhfuil cloch sa mhuinchille ag Lucifer d'Ádhamh toisc gur a dhiúltú ómós a thabhairt d'íomhá Dé ann ba chúis lena dhíbirt.

Tá lorg diantréanas na hEaglaise in Éirinn go háirithe ar an dán sin - an diantréanas céanna, dar le Tomás Ó Floinn, a thug léargas ar leith ar an dúlra dóibh.

Tá na bunleaganacha - nó léamh áirithe orthu - agus leaganacha Nua Ghaeilge Uí Fhloinn aghaidh ar aghaidh ar a chéile, agus nótaí agus foinsí tugtha ag deireadh an leabhair.

Ba mhaith an rud go deimhin, mar a dúirt Seán de Fréine ina alt, go mbeadh an cnuasach seo i gcló i gcónaí.

Tá cnuasach eile leis Athdhánta atá tógtha ón dtobar céanna ar mo leabhragáin agam. Cnuasach níos fairsinge ach nach bhfuil ann ach na leaganacha Nua Ghaeilge.