Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-10-02

Khalil


Tá sé mar aidhm ag Barzaz scoth na litríochta comhaimseartha a chuir faoi bhráid léitheoirí na Gaeilge, tríd aistriúchán.

 Seo chugainn mar sin an chéad ghála - Khalil, scéinséir aistrithe ón bhFraincis, scríofa ag údar mór le rá de bhunadh na hAilgéire a bhfuil a cháil saothraithe aige as léargas a thabhairt ar an ndomhan as a fáisceadh é féin. Ba oifigeach airm san Ailgéir é (cúis amháin a scríobhann sé faoi ainm chleite, bunaithe ar ainm a nuachar - cé go bhfuil a ainm féin ar eolas anois). Bhí sé gafa sa throid le trodaithe Ioslamacha san Ailgéir sula ndeachaigh sé ar imirce.

Bhí gaol leis i measc na n-íospartach in ionsaí sceimhlitheoireachta 2015 i bPáras, agus cónaí ar féin sa Fhrainc le fada.

San úrscéal seo is duine den drong a bhí le fogha a thabhairt faoin Stade de France é Khalil, é i gceist go séidfidh sé é féin san aer ar thraen plódaithe RER - traen fo-bhaile a thaistealaíonn faoin dtalamh don mórchuid - tar éis an chluiche. Tá sé i gceist aige sin a dhéanamh, ach cliseann ar an ngaireas. 

Is smaointe Khalil atá againn sa scéal ó thús deireadh, é ag iarraidh filleadh ar an mBruiséil, trína chéile ag teip an bhirt a bhí sé tiomanta dó. Tá a dhlúthchara agus comrádaí básaithe san eachtra. 

Tríd a chuid smaointe faighimid léargas ar an dóigh a rinneadh trodaí as, a chúlra teaghlaigh, an stoiteachas a bhraitheann sé leis an tír inár tógadh é, an seasmhacht a thugann na bráithre dó.

Ní thugann an t-údar breith, cé go gcloisimid tuairimí eile i gcomhráite fánacha a chloiseann Khalil nó ina phlé lena deirfiúracha, duine acu a bhfuil cion mór eatarthu, a leathchúpla agus duine eile a bhfuil a saol féin scriosta agus í i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte.

Feicimid freisin go bhfuil cosán eile ann, tríd saol a chomrádaí scoile a mhaireann cairdeas leis ainneoin eisean a bheith comhshamhlaithe go maith agus ag éirí go measartha leis san saol. Dar le Khalil is aire na huibhe a thug a mháthair dó faoi ndear sin, agus go bhfuil sé ag cuir dallamullóg air féin faoin nglacadh atá leis.

Scéinséir ceart atá sa scéal, agus Khalil ag iarraidh ciall a bhaint as an eachtra, gan fhios aige an mbeidh glacadh ag na bráithre leis an teip, an nglacfar leis nach é is cúis leis. Agus tá na péas ar an airdeall - tá stair fíreannach na heachtraí i bPáras agus an méid a d'eascair astu fite fuaite leis an ficsean sa scéal, agus thug an lorg na póilíní go dtí ceantar Molenbek na Bruiséile áit a bhfuil Khalil agus a bhráithre lonnaithe, agus iad ar a sheachaint dá réir.

Dearcadh Khalil atá á fháil againn tríd síos, agus pé tuiscint a fheicimid is de bharr a mharana siúd ar an gceist a fheicimid é, nó i gcomhráite le daoine eile nó i measc daoine eile - níl an údar i mbun breithiúnais.

Carachtar lán domlas agus feirge agus féin dímheas é Khalil - níl ach an leagan righin dá chreideamh i gcomhluadar a bhráithre mar chrann taca dáiríre aige, cé go bhfuil grá aige dá leathchúpla agus gean áirithe dá chara, is ar a théarmaí féin atá sin aige.


Saothar gur fiú smaoineamh air atá sa leabhar cé nach bhfuil fhios agam an bhfuil aon leid ann conas teacht roimh an stoiteachas a dhéanann sceimhlitheoir as duine óg de chlann na n-imirceach - nó go deimhin antoisceach foréigeaneach ar an eite dheis dá mhacasamhail de mac dúchasach.

 Fadhbanna atá ag méadú san Eoraip - agus scaití daoine óga ag dul sa dá threo - sliocht na n-imirceach frith-imirceach, sliocht na pobail seanbhunaithe ag dul le cinnteacht an Ioslamachais raidicí.

Níl ach cuid den scéal sa leabhar seo. Tá tuiscint áirithe le fáil ann ar chuid de fréamhacha na faidhbe. Ach mar shampla is maith ann mar chodarsnacht scéal an íospartaigh i Ní bheidh fuath agam oraibh

Is dóigh liom go bhfuil obair thar na bearta déanta ag Máirín Nic Con Iomaire leis an aistriúchán, sa mhéid is, cé go bhfuil an insint lonnaithe sa Bheilg i measc pobal inimirceach ó thuaisceart na hAfraice, nár mhothaigh mé an insint a bheith riamh mí nádúrtha nó saorga as Gaeilge. Fiú is go bhfuil nathanna dúchasacha Gaeilge fite tríd, ag freagairt glacaim leis do chinn a bheadh dúchasach ag na carachtair - feileann siad don insint. 

Táim buíoch do Bharzaz a sheol cóip léirmheastóireachta den leabhar chugham. 


Yasmina Khadra
Aistritheoir: Mairín Nic Con Iomaire
ISBN: 978-1-910945-85-8