Tarlaíonn corr ar leith i scéal Madame Lazare nuair a théann Levana, agus í ina déagóir, ar thuras scoile go hAuschwitz. Turas a déantar réiteach ar leith fána choinne, agus cúram ar leith do Levana agus do comhscoláire eile dá cuid a bhfuil cúlra Giúdach aici.
Turas a bhfuil col ag Madame Lazare leis. Síleann Levana gurb iad a cuimhní cinn atá folaithe is cúis leis sin. (Agus is ea, ar ndóigh, ach ní mar a shíleann Levana).
Is tríd súile na n-íospartach a fheiceann Levana gach rud, agus laochas agus mórtas a mhothaíonn sí.
Tá taispeántas níos leithne in Auschwitz agus ar ndóigh réamhstaidéar déanta sa rang ag léiriú an méid a chuaigh roimhe freisin.
Ní sna campaí a fuair Giúdaigh na hEastóine bás - is le piléar sna coillte a déanadh an feallbheart.
Scríobhann Levana dán lán bróin agus mórtais do Hana - ach seachas iad a thabhairt le chéile cuireann sé ding eatarthu agus diúltaíonn Hana freastal ar an sionagóg níos mó, agus téann i gcosantacht agus in amhras faoi dea mhéin pobal na sionagóige. (Tuigimid cén fáth).
Tagann corr eile sa scéal nuair a scaoileann meabhair Hana na scéalta béaloidis a chuala Muraed agus í óg. Scéalta ina bhfuil "na Giúdaigh" ina bithiúnaigh sa tóir ar an tSlánaitheoir. (leagan cainte atá coitianta san soiscéal de réir Eoin, dála an scéil).
Goileann na scéalta seo ar Levana ar ndóigh, cé gur dócha nach raibh Muraed agus a chomhluadar frith Giúdach - is féidir a bheith measartha cinnte gurb é Samuel an chéad Giúdach a casadh uirthi!
Thug mé féin cuairt ar Auschwitz agus mé i m'fhichidí. Níl fhios agam an raibh mórán eolais agam roimhe, ní cuimhin liom anois an mar réiteach don turas nó ina dhiaidh a thosaigh mé ag léamh Más duine é seo le Primo Levi.
Is cuimhin liom go raibh an dráma le Desmond Forristal Maximilian of Auschwitz feicthe agam in Amharclann na Mainistreach. Bhí an leabhar á léamh agam ina dhiaidh sin, agus is cuimhin liom m'athair ag moladh dom gan é thabhairt liom ar thuras chun na Gearmáine le míthuiscintí a sheachaint. Bhí mé sna déaga an tráth úd.
Is le grúpa gasóga a chuaigh mé ann, an grúpa i mBeirlín a raibh mé tar éis dul leo nuair a chuaigh mé sall ag obair. Turas chun na Polainne a bhí i gceist, Vársá chomh maith le Cracow. Agus Auschwitz. (Atá gar do Chracow).
Mar réiteach labhair muid le fear óg a chaith tréimhse ann le Aktion Sühnezeichen (Imeacht comhartha leorghnímh). Eagraíocht a chuireann daoine óga Gearmánacha ar thréimhse bliana obair dheonach ar fud na hEorpa agus go hIosrael, chun foghlama agus chun iarracht a dhéanamh cúiteamh a dhéanamh as an dochar as cuimse a rinneadh in ainm na Gearmáine san dara ár domhanda.
Roinnt de na nithe a d'inis sé dúinn, tá siad greanta ar mo chuimhne.
Bhí sé ar lóistín le bean aosta Polannach. Bhí sí sásta ligean dó cócaireacht a dhéanamh do féin - seachas feoil a fhriochta. Bhí eagla uirthi faoi na cuimhní a mhúsclódh an boladh dá ndófadh sé an fheoil.
An chuí gur bunoscionn atá an B sa chomhartha mí chlúiteach Arbeit macht Frei (saorann obair). Gníomh beag freasúra ag na braighdeánaigh a ghaibhnigh é.
An dóigh go raibh ealaíon folaithe uaireanta sna pollaí stroighne.
Iarrachtaí an spiorad daonna a choinneáil beo.
Murab ionann agus Levana ní tríd súile an íospartaigh saonta a chonaic mise Auschwitz. Níl mé in ann éalú ón smaoineamh go bhféadfadh go mbeinn féin, sa chás is fearr, tar éis seasamh i leataobh seachas tar éis cabhrú, daoine a cheilt, rud éigin fiúntach a dhéanamh.
Tógadh mise i Tír an Iúir. Gar do sionagóg. Ach ní dóigh liom go raibh aithne agam ar Giúdach ar bith. D'fheicfinn iad ag siúl go dtí an seirbhís ar an Sabóid. Ach ar éigin go raibh teagmháil agam leo. Bhí cara Giúdach ag an comharsa béal dorais, a thugadh aire dom agus mé beag. Is cuimhin liom a haghaidh ach ní a hainm.
Ar ndóigh bhí frith Giúdachas forleathan trasna na hEorpa roimh an chogaidh. Agus ar éigin ar ghlac Éire le teifeach ar bith - bhí an ambasadóir i mBeirlín iontach mór leis na Naitsithe.
Dá ndéanfaí ionradh ar Éirinn ba dhona a rachadh seo don cúpla míle Giúdach abhus - a bhí luaite sa liosta cúramach a choinnigh na maorlathaigh Naitsíocha, agus a bhí mar chuid den taispeántas in Auschwitz.
Bheadh cabhair acu ó dhaoine áirithe Éire a dhéanamh Judenrein - glan ó Giúdaigh.
Bhíodh geataí na sionagóige oscailte agus mé ag fás aníos. Tá geata dúbailte dúnta anois ann, agus fear slándála. Baineann sé sin ar ndóigh le fraoch i gcoinne Iosrael.
Sin a chuirtear i leith Giúdaigh seasta - go bhfuil amhras faoina ndílseacht. Nach den gcomhluadar dáiríre iad. Go bhfuil siad éagsúil go smior. Bagrach. Dochrach.
Ní le Giúdaigh amháin a chaitear amhlaidh (agus ní an eite dheis amháin a chaitheann amhlaidh le dreamanna eile).
Más duine é seo an cheist a chur Primo Levi. Daoine muid go léir. Ach...
Inné léigh mé an aiste seo faoi scríbhneoir eile a tháinig tríd Auschwitz, má tháinig. Tadeusz Borowski. Fearacht bás Levi, tá amhras faoina bhás féin.
Níor tháinig éinne slán ó Auschwitz dáiríre. Ach is fógra dúinn go léir é faoi cad a tharlaíonn má ghabhtar thar fóir le muide agus iadsan.
An rud is scanrúla faoi leithéid Auschwitz ná a laghad Garda Naitsíocha a bhí de dhíth chun líon amhalmhór braighdeánach a choinneáil faoi smacht. An dóigh a ndearna na príosúnaigh go leor den obair cáidheach dóibh.
I mo chroí istigh ní féidir liom bheith cinnte cén bealach a rachainn - bealach éadóchais an Muselmann a ghéill agus a bhásaigh, nó an mbeinn a bheag nó a mhór ciontach in oidhe mo chomh phríosúnaigh.