Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-09-12

Do chruit a bhfuil dlaoithe órga Apollo mar sreanga uirthi

 Don chéad uair le fada bhí mé ag ceolchoirm oíche Aoine, faoi chúinsí Coivide; ní raibh ach b'fhéidir trian de na suíocháin líonta in amharclann an Mermaid i mBré, agus muid ar fad scartha go sóisialta. De bharr an dóigh gur cheannaigh muid na ticéid bhí an déagóir agus mo nuachar san ró tosaigh agus mise agus mo mhac siar píosa maith. Ach is chun éisteacht a bhíomar ann (agus ba mhaith an rud sin, mar le pusachán orm bhí mé cráite le gal ar na spéaclaí anois is arís).

Eamon Sweeney a bhí freagrach as an gclár, smaoineamh a bhí á fhorbairt aige roimh covid - san ré RC mar a déarfá. Sé sin, oirfidigh a cheolann ar modh an cheoil luath a thabhairt le chéile le ceoltóirí traidisiúnta comhaimseartha - tá leaganacha de na foinn céanna i stór an dá dhream.

Go deimhin Ceol Ársa Cláirsí is ainm don CD a thug Steve Cooney, a bhí i measc na hoirfidigh ar an oíche - ceol a seinneadh i dtús ama ar chláirseach á sheinm go binn ar ghiotár aige.

B'iad a bhí sa chliar ná :

Filíocht (Béarla) - Jane Clarke

Cruit le sreanga práis - Siobhan Armstrong

Viola de gamba - Malachy Robinson

Chitarra Battente/Bandora - Eamon Sweeney 

Giotáir - Steve Cooney 

Feadóga - Cormac Breatnach

Is mar sin a bhíodar romhainn ar an stáitse. Ceol le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, Ruairí Dall Ó Catháin, Thomas Connellan agus as cnuasach Goodman a chuir siad romhainn. Is minic go raibh agallamh beirte i gceist idir dhá cheoltóir agus a huirlisí, agus iad ag freagairt dá chéile. 

Goltraí agus geantraí. Agus a cuid filíochta, roghnaithe don ócáid ag Jane Clarke, ag amharc siar ar an ré neamhghnách reatha agus siar níos faide go haimsir cumtha an cheoil. Daoine agus dúlra á spreagadh, mar a spreag sé na cumadóirí. (Is beag mo spéis i bhfilíocht Béarla, ach anois is arís chorraigh frása nó leathrann mo chroí - bás aoire, falscaí Chill Áirne,...) 

Taitníonn ceol ársa liom, tá sollúntacht sa cheol a bhaintear as téada práis nó uirlis téada neamhghnách. Draoithe ceoil a bhí ar an ardán, iad i dtiúin lena n-uirlisí agus le chéile, agus rabharta ceoil ag líonadh clapsholas na hamharclainne. Ag cothú mothúcháin ainneoin go raibh an lucht féachana scaipthe scáinte. 

Kammermusik an chineál seo ceoil ar aon nós, oiriúnach do lucht féachana beag atá sáite sa cheol. 

Oíche dár saol.