Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-09-07

Agape

FAINIC - NÁ LÉIGH SEO MURA BHFUIL MADAME LAZARE LÉITE AGAT MUNA BHFUIL UAIT AN SCÉAL A MHILLEADH!

Baineann tragóid Madame Lazare le coimhlint idir dhá ghrá, agape agus eros agus rogha cinniúnach atá ar Muraed á dhéanamh.

Ní mór cuimhneamh sa mhéid thíos gur taobh le cuimhní agus tuiscint Mhuraed atáimid. 

Tá leathchúpla ag Muraed, Páraic. Fuair a máthair bás á dtabhairt ar an saol, agus tá máchail intinne ar Páraic. (Ní deirtear an dá dheasca an breith é - agus is cuma).

Fágann sin a n-athair, deirfiúr níos sine, agus an cúpla. Iascaire agus seanchaí an athair.

 Is fada leis an deirfiúr gur féidir léi éalú ó chúram agus cruatan go Meiriceá. Ní fheiceann sí i Páraic ach constaic agus ualach. É chur i Home a réiteach.

Tá an t-athair idir dhá chomhairle. Is mian leis Páraic a choinneáil as radharc an oiread agus is féidir. Ach - ina bhealach fireannach féin - is cosúil go bhfuil grá éigin aige dó, chomh fada agus nach náirítear é. Taobhaíonn sé go hiondúil le Muraed atá ag iarraidh an cúram a choinneáil sa bhaile. Ainneoin an chostas uirthi.

Go pearsanta, an t-imní is mó a bhí orm mar thuismitheoir ná go mbeadh leanbh le máchail agam agus nach mbeadh mé in ann ag an ualach. Tá ar cúramóir a mianta féin a chur i leataoibh go hiomlán. Pé rud atá á dhéanamh acu, caithfidh siad a bheith réidh é leagan i leataoibh ar an bpointe. 

Agus ní féidir leo a bheith ag dréim le buíochas, cé go dtuigtear dom gur minic a fhaigheann a leithéid grá agus sólás ar ais. 

Is é Páraic grian saol Mhuraed, a saol daingean ina fhithis. Cinnte, ba mhaith léi faoiseamh a bheith aici, agus glacann sí an cúram uirthi féin é thabhairt go Cnoc Mhuire ag súil le míorúilt - ainneoin rabhadh an sagairt óig gan a bheith ag súil le réiteach simplí ar an bhfadhb. 

De réir mar a fhásann agus a neartaíonn a cholainn fásann na dúshláin - toisc nach bhfuil a mheabhair in acmhainn an neart a smachtú is féidir le heagla nó díomá iompú ina fhoréigean. 

Nuair a thagann Samuel isteach i saol Mhuraeid fásann grá de chineál eile, grá a fhaigheann freagra. 

Is é tragóid Mhuraeid ná go dtagann eachtra foréigneach ar gá di ceann dá dá ghrá a chosaint - iad araon ar fhoréigean Phádraig. 

Tráma a fhágann ualach fad saoil uirthi. Ualach a chuireann ag ól scaití í chun an pian a mhaolú. Ualach a chuireann ding idir í agus crann taca a creideamh. De bharr an féiniúlacht atá glactha aici mar chosaint, tá sí scartha ó chleachtadh agus sólás an chreidimh. 

Tráma a fhágann go n-oibríonn sí go deonach tar éis dul ar scoir, san ionad a bhfuil a saol caite aici ag cabhrú le buachaillí faoi máchail intinne. Sólás a baintear di nuair a thagann scuab nua de directrice isteach. 

Is é an agape seo ceann de na snáithe is láidre san taipéis gaoil atá fite ag Tadhg san úrscéal láidir seo. Tá spás ann chun meabhrú ar cheisteanna cúraim agus daonnachta faoi chúinsí atá crua ach ní iomlán eisceachtúil.