01 September 2007

Éire daor, geal agus saolta?

Bhíodh mana ann roinnt blianta ó shin "Éire saor, Críostaí agus gaelach".Is cosúil go bhfuil mana eile anois ann, "Éire daor, geal agus saolta"

An Chéad Bheart:
Conor "Kebab" Lenihan, (an tAire Stáit um Imeascadh, murar mhiste leat), ag fógairt go raibh an lán-cheart ag cúl taca na nGardaí cead a cheannbheart a chaitheamh a dhiúltú do Síc. Beart ar aon dul le muiceoil a bhrú ar Ghiúdach, nó Aifreann Domhnaigh a chosc ar Chaitliceach, sé sin, iachall a chuir air bun riail dá chreideamh a shárú. Ní raibh de rogha ag an fear ach tarraingt siar.

An Dara Beart:
An Roinn Dlí agus Cirt ag cur litreacha chuig thart ar míle lánúin, arbh as an AE (seachas Éire) duine acu, agus as lasmuigh den AE don duine eile, ag bagairt an duine nárbh as an AE dóibh a dhíbirt toisc gan tréimhse a bheith caite go dleathach i dtír eile de chuid an Aontais acu agus iad pósta. Má tá an lánúin a luadh san Irish Times dé hAoine ionadaíoch ar fiú cuid bheag den dream a fuair litreacha, scannal is ea é. Polannach ise, ón Ind eisean. Bhuail siad le chéile anseo, agus phós siad anseo, agus anois tá gasúr ar an mbealach agus eisean i mbaol a dhíbeartha.

An Treas Beart:
Siad altraí Fhilipíneacha féitheoga an chóráis sláinte, cuid mór. Ach léigh mé (san Irish Catholic) go mbíonn roinnt deacrachtaí acu. Bíonn sé deacair orthu an teaghlach a thabhairt leo. Fiú má éiríonn leo, agus má fásann a gclann aníos anseo, bíonn siad ina n-eachtrannaigh neamh AE chomh fada a bhaineann sé le hOideachas tríú leibhéal; agus táillí arda le n-íoc acu dá bharr, sin, nó an dtír a fhágáil. Bíonn cásanna ann freisin nuair nach n-éiríonn le altra socrú síos in san ospidéal a d'earcaigh í ar chúis amháin nó cúis eile. Díbrítear abhaile iad gan an dara a deis a thabhairt dóibh in ospidéal eile. Is minic post mhaith tugtha suas acu sa bhaile le teacht anseo, ach bíonn an post sin imithe dar ndóigh nuair a fhilleann siad.

Tá bearta eile nach iad ann. Feictear i dtíortha eile gurbh iad an tríú glúin d'imircigh (nó, níos cirte, sliocht sleachta na n-imirceach) a éiríonn amach i gcoinne aon drochmheas nó masla a tugadh dá sean mhuintir. Tá bunchloch sochaí ár garchlann a leagan againn anois.

Ba cheart dúinn na deá prionsabail atá inár mbunreacht a chur i gcrích go stuama. Cumasc a bhí sa phobal anseo riamh, ó tháinig na Fir Bolg anoir, nó Clann Mhíle aneas. Shlog muid Breatnaigh, Lochlannaigh, Normannaigh, Pléimeannaigh, Palaitínigh agus dreamanna nach iad, agus ba shaibhre sin dá bharr.

Ach ní inniu na inné a bhí an Roinn Dlí agus Cirt1 caolaigeanta, teicniúil ina gcur chuige maidir le heachtrannaigh a chuir ó dhoras. D'ainneoin gur aithin Bunreacht 1937 an chine Giúdach mar dream a raibh cosaint le dul dóibh (rud dúshlánach in Eoraip na 1930í) chuir an Roinn Dlí agus Cirt baic ina mbealach siúd a bhí ag teitheadh ón Uileloisceadh: rud a d'fhág nach ndearna an dlínse seo fiú an méid suarach a rinne mórán gach stát eile chun daoine a thabhairt slán.

1Féach saíocht na Gaeilge. Ní ionann Dlí agus Ceart! Ba cheart sin a mheabhrú dó Brian Lenihan

18 comments:

Mise Fhéin said...

Faightear go luíonn an cinneadh gan chead a thabhairt don síceach sin a cheannbheart a chaitheamh le coimisinéir na nGardaí. Níl dúil dá laghad agam do Lenihan ach tá tú ag dhul amú ag cur an lochta air. D'aontaigh sé leis an gcinneadh ag Noel Conroy.
Fórsa saolta is ea an Garda Síochána cheana ar aon nós.

"Feictear i dtíortha eile gurbh iad an tríú glúin d'imircigh (nó, níos cirte, sliocht sleachta na n-imirceach) a éiríonn amach i gcoinne aon drochmheas nó masla a tugadh dá sean mhuintir"

cén "drochmheas nó masla" atá i gceist agat anseo?

"Cumasc a bhí sa phobal anseo riamh, ó tháinig na Fir Bolg anoir, nó Clann Mhíle aneas. Shlog muid Breatnaigh, Lochlannaigh, Normannaigh, Pléimeannaigh, Palaitínigh agus dreamanna nach iad, agus ba shaibhre sin dá bharr."

Ní féidir linn dreamannaí nua a slogadh a thuilleadh mar níl cultúr daingean againn chun é sin a dhéanamh. Faraor.

aonghus said...

Dearcadh ar an saol ar aon dul le creideamh is ea an tsórt seo saoltacht.

eagraíocht saolta is ea an Gharda Síochana. Eagríocht de chuid an Stáit atá ann, mar sin, ní cheart dó tús aite a thabahirt d'aon dearcadh.

Féach an méid a deir an bunreacht:
Airteagal 44 2 3° Ní cead don Stát neach a chur faoi mhíchumas ar bith ná aon idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar chreideamh nó admháil chreidimh nó céim i gcúrsaí creidimh.

Drochmheas atá ann cosc a chuir an Síc bheith ina chomhalta den fórsa cúltaca, tríd réamhchoinníol a leagan síos nach dtig leis comhlíonadh. Drochmheas is cúis le amhras a chaitheamh ar líon mór póstaí le daoin ó lasmuigh den AE. Drochmheas atá ann baic a chuir i gcosán teaghlaigh daoine ar a bhfuil muid ag braith.

Ar léigh tú an méid a scríobh mé in aon chor?

Mise Fhéin said...

"Drochmheas is cúis le amhras a chaitheamh ar líon mór póstaí le daoin ó lasmuigh den AE. Drochmheas atá ann baic a chuir i gcosán teaghlaigh daoine ar a bhfuil muid ag braith."

Léigh tú fhéin an iomarca isteach sa scéal faoin bPolannach sin is a bhean chéile, níl aon fhadhb ann, beidh eisean is a bhean in ann scéal s'acusan a mhíniú don stát gan aon stró ar bith.
Tháinig na litreacha siúd amach chun ruaig a chur ar na póstaí bréaga sa tír. Póstaí is ea iad chun saoránacht a fháil, go mídhleathach.

Ní bheinn buartha faoin lánúin macánta seo is a gclannín fhéin mar sin.
Agus chomh fada agus is eol dhom níl na mílte acub ann, tá beagnach 300 ann.

chomh maith tá postannaí ag chuile eachtrannach a dtagann sé go dtí ár dtír, bíonn saol maith acub agus tá meas ag na hÉireannaigh orthu.
Níl aon "drochmheas" ann nó "masla" mar atá sa Fhrainc.

"Ní eagraíocht saolta is ea an Gharda Síochana."

Cén fáth nach mbíonn an cead ag na Gardaí crios a chaitheamh ós comhair an phobail nó a leithéid de chomhartha a thaispeáint nuair a bhíonn siar ar dhualgas?
Deirtear (féach ar Bheo inniu) go mbíonn siad in ann luaith a chaitheamh ar Chéadaoin an Luaithrigh...

ach ní bhíonn an luaith sin le feiceáil mar bíonn sé faoi cheilt ag an gcaipín a chaitheann siad .

aonghus said...

Ní hionann an dá chás. Ní féidir le Síc gan turban a chaitheamh, agus fós bheith ina Síc. Caitliceach mise, agus ní chaithim cros. (Caithim crios chun mo bhríste a choinnéail orm, ach sin ceist eile!). Sin leithcheal ar bhonn creideamh.

Maidir leis na lanúin, d'fheadfaí stádas a bpostaí a fhiosrú ar bhealach tuisceanach, béasach, seachas a rá go borb "Seolfaidh muid athar thír amach thú muna féidir leat a chruthú gur fíor pósadh do phósadh". Sin masla, agus ón Stát, atá ceapaithe cearta na saoranach agus gach duine atá ina chonaí go dléathach sa tír a chosaint.

Tá taithí agamsa a bheith i mo inimirceach: i dtír de chuid an AE. Ach bhí ormsa seasamh sa scuaine ar feadh leathlae le clarú, agus caitheadh le daoine ar bhealaí éagsúmhla. Tá sé easca duine a mhaslú, agus deacair an dochar a leigheas. Agus is é an té a maslítear a chineann an masla é iompar airithe, ní an duine atá á iompar fhein ar bhealach airithe.

Tuigeann muide mar Ghaeilgeoirí leithcheal.

Mise Fhéin said...

crois a bhí i gceist agam ar ndóigh, mo leithscéal. Níl eolas cruinn agam ar céard go díreach a bhí scríofa ar an litir. Ach ba litir riachtanach é, chun an dlí a choinneáil. Bheadh sé brónach dá mbeadh an lánúin sin nó aon lánúin eile scanraithe dá bharr. Ach níl aon fáth acusan a bheith buartha

Mise Fhéin said...

"Ní hionann an dá chás. Ní féidir le Síc gan turban a chaitheamh, agus fós bheith ina Síc. Caitliceach mise, agus ní chaithim cros."

Tá tú ag dul amú ábhairín aríst. Tá an Síceach fós ina Síceach fiú mura gcaitheann sé a thurban. Chomh fada agus is eol dhom tá an fáth leis an turban ná go mbeadh daoine in ann iad a aithint mar Síceach.
Ach is síceach i gcónaí é, leis an turban, nó gan é.

Mar sin ní chreidim go bhfuil coimisinéir na nGardaí ag iarraidh a chearta a shárú agus mar sin de.

aonghus said...

Ortsa atá an dul amú.

http://www.sikhwomen.com/turban/sikhs.htm

Cuid riachtanach dá chreideamh atá ann.

Mise Fhéin said...

*onsa* ormsa atá an dul amú adeir sé.
Seo alt suimiúil duit.
http://www.iht.com/articles/2007/03/29/news/turban.php?page=1

'bhfuil tú ag maíomh nach bhfuil na buachaillí siúd sa scéal sin ina Síceach a thuilleadh?

Seo iad na cúig chomhartha (cúig K) de chreideamh a gcaithfidh Síceach a chaitheamh nó a dhéanamh de réir a gcreidimh ó 1699:

Kesh - Gruaig neamhghearrtha (ar aon chuid den chorp)
Kanga - Cíor
Kaccha - Fo-éadaí ar leith
Kara - Bráisléad
Kirpan - Claíomh

Níl aon chaint ann faoi Turban, seachas an gruaig neamhghearrtha. D'fhéadfaí a chuid gruige a choinneáil slachtmhar leis an chaipín Gharda.

aonghus said...

Táim.

Sa dóigh chéanna nach caitliceach níos mó duine nach gcreideann i gcré na nAspal.

Ní ceart, agus ní gá, constaicí gan gá a chuir i slí duine cráifeach ar mian leis a chion a dhéanamh ar son an phobal.

Mise Fhéin said...

mar sin i do thuairimse fhéin ní Síceach a thuilleadh é, an té nach gcaitheann a chlaíomh freisin abair. Mar is é sin lárnach ina chreideamh, níos mó ná an turban.

Mise Fhéin said...

Ar nóta eile, i do thuairim. Má bhíonn caidreamh collaí agam le mo chailín (as pósadh) agus má bhaineann muid úsáid as coiscíní an bhfuil muid inár gCaitlicigh a thuilleadh

aonghus said...

Sin ceist do d'anamchara san faoistin.

Ach más rud é go bhfuil tú ag maíomh nach bhfuil tú ag sarú riailacha do chreideamh agus caidreamh collaí agat lasmuigh den bpósadh, i. má deir tú nach bhfuil faic cearr leis, cheapfainn go bhfuil tú tar éis coinnealbhá a dhéanamh ort féin.

Féach anseo

Séamas Poncán said...

Tá an scéal níos ceasta ná sin, a Aonghus. Féach go bhfuil na fadhbanna céanna againn anseo. Ní mór srian a choimeád ar chúrsaí inimirceachta, agus is deacair sin a dhéanamh.

Séamas Poncán said...

DAS, más riachtannach éadaí áirithe do phost, agus murab fhéidir leat iad a chaitheamh, ná cur isteach ar an bpost sin. Is lú duine Ámach (Amish) a fheictear ar an stáitse le haghaidh Fashion Week. Is lú Moslamach a fheictear mar mhanacan Bikini. Srl.

Mise Fhéin said...

Ceart go leor mar sin, rinne mé coinnealbhá orm fhéin. Abair gur duine aerach mé, ó rugadh mé (nílim, ach chun pointe a dhéanamh) an bhfuil mé i mo Chaitliceach níos mó? dar leis an eaglais.

aonghus said...

Táimid ar chaoch bhóthar anseo.

An pointe atá á dhéanamh agam ná go raibh duine cráifeach sásta a chion a dhéanmah ar son an pobal i gcul taca na Gardaí. Cuireadh cosc air. Leathcheall ar bhonn creideamh a bhí ansin, rud atá ag teacht salach ar Bhunreacht na hÉireann. Agus bhí an bealach a chuir an tAire atá freagrach as imeascadh, i. cairdeas a chothú idir an pobal atá anseo le fada agus inimircigh, sotalach, tuatach aineolach.

Má tá muid chun daoine a scaoileadh isteach, caithfear meas agus urraim a thaispéaint dá nósanna nach dtagann salach ar an dlí. Caithfidh siadsan bheith dílís d'ar dlí, agus an meas agus urraim chéanna a thabhairt d'ár nósanna.

A Mhise Fhein, ní haon rún teagasc na hEaglaise. Gheobhaidh tú Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí in aon siopa leabhar fiúntach. Tá sé ar fáil as gaeilge freisin.

Maidir le do cheist, féach anseo. Tá an ghairm chéanna chun geanamnaíochta ag daoine atá homaighnéasach agus atá ag cách.

Muna bhfuil duine sásta glacadh le creideamh agus gnás na hEaglaise, ní thuigim tuige go mbeadh siad ag maíomh gur baill de iad.

Mise Fhéin said...

buíochas le Dia, tá Dia fhéin i bhfad Éireann níos mó ná na rialacha caolta leagtha síos ag fir na hEaglaise.

aonghus said...

Mholfainn duit dul rud beag níos doimhne sa cheist sula socraíonn tú nach bhfuil i foirceadal na hEaglaise ach rialacha cúnga déanta ag fir.

B'fhiú duit tosnú le Matha 5:17 más dóigh leat nach bhfuil feidhm níos mó le hAitheanta Dé.