29 June 2009

Bímis ag léamh!

De bharr taom saoithíneachta a bhuail mé, bhronn Tadhg leabhar dá chuid ón sraith "Bímis ag Caint faoi" orainn.

Ainneoin doicheall an poist roimh seoltaí i nGaeilge, shroich an leabhar ceann scríbe. (Bhí nótaí imill air - ag moladh d'fhear an phoist triail a bhaint as Bré, Na Clocha Liatha - agus Cill Dara!)

Pé scéal é, "An Bhfuil Rún Agat?" an leabhar a bhí roghnaithe againn, leabhar a chíorann rúndacht - cathain is cóir cloí leis, agus cathain is ceart na rúin a scaoileadh.

Tugann an insint agus na léaráidí gleoite muid, céim ar chéim, ó rúin deasa - bronntanas do mhamaí atá faoi rún go bhfaigheann sí é, tríd leathrúin - conas plé le eachtraí bulaíochta ar dhaoine eile, go dtí croí na ceiste - rún faoi droch íde ort féin, agus an riachtanas rún mar sin a scaoileadh le duine iontaofa.

Cheap mé go raibh na léaráidí san gcuid seo thar a bheith éifeachtach - ag leiriú an bhagairt diamhair a bheadh ag rud dá leithéid ar ghasúr, gan a bheith ró litriúl.

Tríd is tríd, an leabhar atá ann. De bharr go bhfuil mo chlann mic ró shean, agus m'iníon fós ró óg, is dócha nach mbeinn tagtha chomh fada leis de mo dheoin féin - fós. Beidh súil in airde agam don gcuid eile den sraith amach anseo - cé go bhfuil súil agam nach mbeidh call againn riamh le "Céard a Tharla idir Mamaí agus Daidí?".

Rud beag amháin - seans go bhfuil an litreoireacht rud beag deacair le léamh do thosaitheoirí léitheoireachta, rud a bheadh ina bhac do roinnt páistí san aois ghrúpa an leabhar a léamh as a gconlán féin.



An bhfuil rún agat?

le Jennifer Moore-Mallinos, maisithe ag Marta Fabrega
leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin

ISBN: 978-0-9550983-9-0

34 lth, lándaite, clúdach bog
Aoisghrúpa: 6-10

3 comments:

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

Míle buíochas leat faoin méid sin. Tagaim leat agus tú ag guí nach mbeidh gnó go pearsanta ag do chomhluadar féin don leabhar faoi scaradh tuismitheoirí "Céard a Tharla idir Mamaí agus Daidí?". Thug mé faoi deara ina dhiaidh sin, go raibh an-spéis ag mo chuid fhéin ann. Tá beirt thiar anseo a bhfuil siad mór leo agus na tuismitheoirí scartha le píosa agus creidim gur thug an leabhar léargas breise dóibh ar na deacrachtaí a bhaineann leis sin. Chuir siad an-spéis ann.

Maidir leis an litreoireacht, tá pointe agat. Ach is dóigh liom gurb é an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as an tsraith seo ná iad a léamh in éineacht le páiste agus an t-ábhar a phlé ina dhiaidh sin leo. Sin an smaoineamh atá taobh thiar de theideal na sraithe "Bímis Ag Caint Faoi".

Dála an scéil, tá ceithre theideal eile sa tsraith seo ar an mbealach - "An bhfuil tusa cúthail?"; "Tá mé an-mhór le Mamó agus le Daideó"; "Tá Siondróm Down ar Lára" agus "Imithe Amú". Beidh fáil orthu i mí Eanáir 2010.

aonghus said...

Tá beirt thiar anseo a bhfuil siad mór leo agus na tuismitheoirí scartha le píosa agus creidim gur thug an leabhar léargas breise dóibh ar na deacrachtaí a bhaineann leis sin. Chuir siad an-spéis ann.

Dar ndóigh, tá sin ann, agus ag éirí níos coitianta, is baolach. Smaoineamh mhaith.

Aontaím leat gur leabhair le léamh le chéile iad seo, ach sílim fós go mba cheart go mbeadh na gasúr in ann dul i ngleic leis an litreoireacht. Ag an aois sin - agus roimhe - bhíodh sé de nós agam bearnaí a fhágáil san méid a léigh mé, agus ligean dóibh iad a líonadh.

Rud le smaoineamh air amach anseo?

Dála an scéil, má tá leabhar san sraith ar uathachas agus na siondróim gaolmhara, bheadh an tarraingt air abhus, sílim.

aonghus said...

Feicim go bhfuil - Mi Hermano es Autista.