15 August 2009

An Teach Bán ag earcú brathadóirí idirlíon?

Tá díospóireacht teasaí ar bun sna Stáit maidir le scéim an Uachtaráin Obama chun atheagar a dhéanamh ar cúram sláinte.

Téann ceisteanna sláinte - go hairithe má chuirtear ginmhilleadh, eotanáis agus a leithéidí san áireamh - go croí an Kulturkampf atá ar bun le fada sna Stáit agus san Iarthar. Mar sin, ní haon ionadh é go bhfuil díospóireacht teasaí ann.

Ach cúis imní é an iarratas seo an blag an Teach Bán ag iarraidh ar dhaoine tuairisciú a dhéanamh ar ráitis "amhrasacha" (fishy sa bhunleagan) chuig seoladh r-phost de chuid an Tigh Bháin.

Cinnte, níl aon deacracht le substaint an argóint a chuir ar aghaidh ar mhaithe le frithargóint údarásach a fháil. Ach feictear dom go bhfuiltear ag iarraidh sonraí pearsanta ar saoránaigh atá i bhfreasúra leis an Teach Bán a bhailiú. Fágann sin drochbhlas.

4 comments:

ormondo said...

Cuirfidh an cor sa scéal sin leis an bparanóia Idirlín.

Feictear dom go ginireálta go bhfuil stocairí ceilte go han-ghníomhach cheana féin i bhfóraim chomhrá pholaitiúla áirithe. Fostaithe, is dócha, ag eagraíochtaí éagsúla atá i gceist agus iad oilte ar tuairimí nach bhfeileann dá bhfostóirí a neodrú agus a scrios ionas nach rachaidh siad i bhfeidhm ar an bpobal.

Cé go gtugainn spléachadh ar fhóraim pholaitiúla go rialta tráth tugaim neamhaird orthu anois le tamall de bhlianta agus iad truaillithe le "fomhuireáin".

Infheistíocht éifeachtach í gan dabht le tionchar a fheidhmiú ar an gcuid sin den phobail a bhfuil dearcadh polaitiúil fágtha acu.

Dennis King said...

"An Teach Geal" nó "An Teach Bán" ??

aonghus said...

Ceist Mhaith.

Seans go mbeadh bán níos cirte don áras faoi scáil atá i gceist agam!

aonghus said...

agus leasaithe dá réir agam anois. N'fheadar an bhfuil mé ar an liosta acu anois...