Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-08-21

Fadhbanna mallaithe

Tá an ghnáth cur chuige innealtóireachta chun fadhb a leigheas measartha simplí. Déantar iarracht samhail simplí den fhadhb a aimsiú, agus an fhadhb simplithe, ag seachaint castacht, a leigheas. Cuirtear lamháil sábháilteachta i gcrích mar chuid den leigheas, agus go hiondúil, is leor sin.
Tarlaíonn, gan amhras, corr tubaiste, ach ar an mórgóir, feidhmíonn rudaí.

Ach tá daoine casta, agus pobail níos casta fós. Agus tá na córais domhanda - an aeráid, an pholaitíocht, airgeadas, casta freisin - ó tharla iad a bheith spléach ar dhaoine agus pobail.

Fadhbanna mallaithe a eascraíonn as sin. Fadhbanna nach dtuigtear i gceart go dtéitear i ngleic leo.

Tá muid i ngleic le fadhbanna dá shórt abhus - an scrios ar an gcóras baincéireachta de bharr amhantraíocht mí-fhreagrach. Tá poill réabtha inár gcórais sóisialta de bharr na holl-suimeanna d'airgead poiblí atá dhá shú isteach sna bainc, agus de bharr an titim thubaisteach ar teacht isteach cánach - de bharr titim ar fhostaíocht agus ar díol.

N'fheadar an bhfuil fís againn? Gan an fhís, conas is féidir tabhairt faoi leigheas? Gan tabhairt faoi leigheas, ní thuigfimid an fhadhb. Agus conas is féidir é seo a fad a léiriú don phobal?

Santaíonn daoine teachtaireacht simplí, dearfach - "Is féidir linn" a là Obama. Is féidir linn, cinnte - ach céard? Bíonn cleachtadh ag eolaithe agus innealtóirí ar freagraí níos cúramaí, níos meáite a thabhairt, i dtéarmaí féidireachtaí agus dóchúlachtaí.

Ach santaíonn an pobal cinnteacht - cinnteacht nach ann dó.

Ach i ndaonlathas, caithfear an pobal a mhealladh i dtreo an leigheas.

Cá bhfuil ár gceannairí spreagúla - le smaointe? Níl haon mhaith dúinn pobalóirí, ná gan amhras na mé féinithe atá chomh coitianta i measc ár n-aos pholaitiúil, ar comhairleoirí contae "Jim'll fix it" a lán acu ina gcroíthe istigh.

Is mór, feictear dom, idir Lemass agus T.K Whitaker agus Brian Cowen agus Colm Mac Carthy.

Tá sé in am don Dara Phoblacht!