20 November 2009

Forógra Manhattan

Tá forógra foilsithe i First Things inniu a phléann leis na ceisteanna móra atá ag dó na geirbe do Chríostaithe i SAM.

Bheinnse ar aon fhocail leo, agus feictear dom a lán de na cúiseanna imní céanna a bheith ann abhus.

Tá nath tráthúil ag John Waters san Times inniu agus é ag caint ar an earráid a bhaineann le creideamh a dhíbirt as an earnáil poiblí ar fad: Deir sé gurbh ionann agus léana ar stroighin sochaí atá, d'aon ghnó, dall ar an absalóid.

Táimid san áit ina bhfuilimid, cuid mór, de bharr cliseadh ar chaighdeáin agus géilleadh do shaint.

Níl sé de chéad ná d'acmhainn againne a bhfuil creideamh againn fanacht balbh.



Aguisín: Tá suíomh ann don Fhorógra: http://manhattandeclaration.org/

10 comments:

Fearn said...

Is dóigh go bhfuil mé beagnach ar aon fhocal leat, a Aonghuis, cé nach bhfuil mé cinnte den fháth.

Luann Pascal, beagnach ceithre chéad bliain ó shoin, na daoine a chuireann suas den chreideamh, go gcuireann siad suas le chuile saobhchreideamh ina dhiaidh sin.

Níl mé cinnte cén fáth, ach feictear domh gurb amhlaidh an Ádhamhchlann.

Mar sin, tá GÁ le creideamh, dar leis.

Mise Áine said...

Ach cá bhfuil an 'truth' agus 'natural human reason' agus an ‘inherent rights of equal dignity and life’ ag uimhir 2 san fhógairt, áit ina bhfuil ‘marriage as a conjugal union of man and woman’ scríofa, le neamhaird iomlán déanta de chearta ‘equal’ na gcúplaí sin nach ‘man and woman’ iad?

An bhfuil sé sin ceart, a Aonghuis?

aonghus said...

Ar léigh tú an rud ar fad, a Áine? Tá cúiseanna tugtha ann.

Ní leithcheal atá ann idirdhealú a dhéanamh idir rudaí nach ionann iad.

Tá níos mó i gceist i bpósadh idir fear agus bean atá oscailte do sheachadadh an bheatha, ná aitheantais poiblí do chaidreamh grá idir bheirt.

Is ar an institiúid an phósta a sheasann an teaghlach. As sin an náisiúin. Bunchealla an tsochaí atá i gceist.

Ní séanadh é sin ar an bhfíric go bhfuil cineálacha eile teaghlaigh ann. Ach tá fianaise láidir ann gurbh an teaghlach ina bhfuil gaol nádúrtha fola idir na baill, chomh maith le grá agus cúram, an modh is fearr don teaghlach agus don bpobal i gcoitinne.

I dualgas trom orainne, a chreideann bunús láidir Absalóide a bheith leis an bhfíric sin, an tuiscint sin a chraobhscaoileadh.
Go béasach, cúramach, ag aithint go bhfuil daoine ann a easaontaínn linn.

Mise Áine said...

Cé nach bhfuilim eolach ar chuile ghné den saol, a Aonghuis, táim cinnte go raibh teaghlaigh ag maireachtáil, is cuma gaol nádúrtha fola eatarthu nó ná bíodh, le grá agus cúram, gan ‘institiúid an phósta’, i bhfad sular tháinig reiligiúin, ná a rialacha, ar an bhfód.

I gcead duitse, a chara, agus an meas atá agam ar do bhlag mar gheall ar do bhéasa agus focail chothroma féin, feictear dom, thar na blianta, go mbíonn daoine in ann theacht ar ‘cúiseanna’ agus ‘fianaise láidir’ a fheileann do chibé creideamh atá acu féin, agus do na rialacha a chuireann siad i bhfeidhm ar a lucht leanúna.

Cibé scéal é, ní dóigh liom go mbeidh tuiscint agam, go brách, ar an rud a chuireann grá nádúrtha cibé Cé as a riocht leis na rialacha a chumtar, is cuma cén leabhar as a eascraíonn an fhianaise a luaitear leis an riail sin.

aonghus said...

Bhuel, a Áine, sin nádúr an daonlathais!

Go ndéanfaí ár leagan amach éagsúla a phlé go béasach agus go stuama ar mhaithe leis an leas coiteann.

Ach má ceiltear cead cainte ar dhream ar bith de bharr an creideamh atá acu, tá deireadh leis an daonlathas.

Agus má chuirtear iachall ar dhream gníomhú ar bhealach a thagann salach ar a gcoinsias, tá deireadh freisin leis an daonlathas.

crosbhealaí said...

Díospóireacht thráthúil, agus leanaim colún Waters go rialta. Is guth leithleasach é i dtír nach gceadaíonn na meáin, don chuid is mó, easaontú nó malartú tuairimí tréan bríomhar a éascú- bíonn muid ag luascadh ó choimeádachas agus cúlaigeantacht creidimh go tuatachas éadulangach. Ag an am i láthair, cheapfá go mbíonn meáin na tíre seo ag iarraidh an stát agus muinín an phobail inti, a strachadh as a chéile ar fad (féach Éamon Delaney san Indo inniu). "Moaning Ireland go Prime Time" srl srl.

Ach aontaím le hÁine, tá grá idir beirt fhear , nó beirt bhan, atá bunaithe ar ghrá agus ar chomhurraim, agus ar fhóirithint, agus ar chomhlánú, díreach chomh bailí céanna (agus chomh naofa céanna)leis an ngrá idir fhear agus bean.

Níl an Eaglais Chaitliceach fiú ag déanamh aon idirdhealú idir chineálacha caidrimh aerach- táid ar fad neamhbhailí. Níl siad ag tacú le caidrimh seasta a mhúnlú sa phobal aerach- níl aon rud acu le rá ag an Eaglais Chaitliceach leo ach "staonaigí ó chaidreamh collaí ar feadh an tsaoil". Lán stad.

Bunaithe ar sheans breithe, mar sin, tá tú i dteideal (a) tacaíochta agus spreagaidh i dtreo chaidreamh seasta, beannaithe ag an Eaglais, más heitrighnéasach thú, nó (b) damnú, nó neamhaird, ó thaobh aon chaidreamh saoil (sa chiall iomlán a bheadh i gceist le caidrimh pósta) a bheith agat, más duine aerach thú.

Aontaím gurb é bunchealla an náisiúin é an teaghlach. Ach sa lá atá inniu ann, tá éagsúlacht teaghlaigh ann.

Beidh urraim i gcónaí do mhúnla traidisiúnta teaghlaigh an mhóraimh, agus is móramh i gcónaí a bheidh ann (so relax!) ach is trí urraim agus cothú a thabhairt do chaidrimh eile atá bunaithe ar ghrá agus comhurraim, a bhunóimid sochaí seasta, sibhialta, comhthuisceanach, béasach amach anseo.

Ar ndóigh, is feidir an dul chun cinn seo a bhaint amach sa réimse sibhialta, dlíthiúil agus polaitiúil amháin. Ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de na heaglaisí. Chruthaigh Dia gach duine, agus is mian leis cothú sioradálta a thabhairt dóibh uile.

Níl sé slántúil don Eaglais féin bheith ag dallú a súile ar an sochaí mórthimpeall di- ba cheart di na heilimintí is fearr a chothú agus a neartú, ar mhaithe le hord sibhialta.

Tá pobal aerach ann, atá ag lorg cothú spioradálta ina gcaidrimh agus ina saoil, agus tá lón anama á ndiúltú dóibh, ag an Eaglais Chaitliceach, trí easpa comhbhá agus tuiscine, ar nádúr an chine daonna.

Sílim go bhfuil dlúthceangal idir seo agus riail na heaglaise maidir le haontumha na gcléir .

Dála an scéil, tá sé deas an blag seo a fheiceáil, ina bhfuiul cúrsaí tromchúiseacha á phlé go domhain, machnamhach.

aonghus said...

Tabhair faoi ndeara go bhfuil an Forógra seo sínithe ag Críostaithe de gach sainchreideamh, cé, gan amhras, gurbh na baill caomhacha atá i gceist i ngach cás.

Maidir leis an Eaglais Caitliceach Rómhánach - níl ach idirdhealú amháin á dhéanamh. Idir caidreamh buan, ar feadh a saol, idir fear agus bean, atá oscailte do sheachadadh na beatha, agus aon chaidreamh collaí eile. Níl hamhlaidh go bhfuiltear ag díriú ar chaidrimh aeracha amháin mar neamhbhailí.

Agus tá gairm chun geanmnaíochta ag cách, dar leis an Eaglais. Is follasach go bhfuil a streachailt fhéin ag gach duine fá seach lena chollaíocht, agus go luíonn gnéithe níos troime ar dhaoine ná a chéile, de bharr oidhreacht nó oiliúint, nó eile. Ceist chasta atá ann. Agus ceist nach féidir breith a dhéanamh ar an duine aonair faoi. Ní féidir ach foirceadail ghinearálta a leagann síos. Is é an duine féin a dhamnóidh nó a shlánódh é féin, de réir mar atá sé oscailte do ghrásta Dé. Agus beidh Dia agus an duine féin ag cuir na cúinsí ar fad san áireamh ar lá an bhreith. (Smaoineamh scanrach, tromchúiseach!)

Ní dóigh liom go bhfuil an Eaglais - aon Eaglais - dall ar an tsochaí. Sí an cheist ná na gnéithe is fearr a aimsiú, agus a chothú.

Maidir le haontumha an chléir, tá amhras orm faoin téis go bhfuil baint aige sin le cumas na hEaglaise dul i bhfeidhm ar an sochaí, ná tuiscint iomlán a bheith aici dó. Tar éis an tsaoil, níl na sainchreideamh eile, nach bhfuil an disciplín seo acu, i riocht i bhfad níos fearr, ná níos tuisceanaí, feictear dom.

crosbhealai said...

Níl sé de ROGHA ag duine aerach (ní gan cur i gcéill uafásach, ar aon chuma) dul isteach i "gcaidreamh buan, ar feadh a saol, idir fear agus bean, atá oscailte do sheachadadh na beatha". Tá sin oscailte do dhuine heitrighnéasach. Seo bunús na ceiste, dar liom.

Sílim go mb'fhéidir go gceapann tusa go BHFUIL rogha i gceist, agus i gcead duit, tá an míthuiscint seo ag croí-lár do léargas. Eascraíonn cuid mhaith as seo.

Tá an ceist ar fad teoiriciúil do dhaoine heitrighnéasacha, is docha, ach níl ach an t-aon saol amháin ag daoine aeracha chomh maith. Is mac, iníon, deartháir, deirfiúr, uncail, colceathrar, cara iad.

Creidim GO BHFUIL dlúthcheangal ag aontumha éigeantach na gcléireach le hiliomad fadhbanna san Eaglais Chaitliceach. Go minic (ní i gcónaí), meallann an riail chéanna daoine mí-aibí atá ag teitheadh uathu féin, nó ón saol, ar chúinsi éagsúla. Múnlaitear iad a bheith "other wordly". Ach is daoine daonna iad. Cruthaíonn sé seo an-chuid fadhbanna. Ní h-é nach bhfuil aontumha maith ann féin, ach ní mór do a bheith roghnaithe. Ag duine aibí. Le taithí saoil.

Tá scéal san Indo inniu- sagairt mhaith atá orthu an Eaglais Chaitliceach a fhágáil mar gur thit siad i ngrá.

Tá an mhéid atá ráite ann ag Déan Ardteampall Chriost Dermot Dunne (iar-shagart Caitliceach) suimiúil:
"What was emerging for me is that we are not called to be 'other wordly' but actually to live fully in this world and to value humanity and the world that God has created".

"The decisive moment for me was to admit that God is mediated through our acceptance of an inclusive humanity where there can be no exclusions".

"This inclusive humanity embraces the fullness and beauty of human sexuality from one end of its continuum to the other and the full participation of the woman as well as the man in the celebration of the life of faith"."

Cliarlathas na hEaglaise, is fir iad don chuid is mó a chuaigh i mbun sagartacht agus iad ina ndéagóirí. Measaim nach ceart duine a ligint isteach sa sagartacht roimh 30 bliana d'aois.

aonghus said...

Tuigim gur cheist chasta agus íogair collaíocht an duine. Tuigim nach bhfuil rogha i gceist i ngach cás - b'fhéidir i bhformhór na cásanna.

Tá dealramh le do thuairimí maidir le daoine ag glacadh cinneadh saoil ag aois neamhaibí, agus de réir mo thuiscint tá cleachtais na hEaglaise athraithe dá réir.

Mise Áine said...

An daonlathas abú!

Agus is fada liom go mbeidh na cearta céanna ag chuile dhuine...:-)